Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ag Casadh Arís
Title
Ag Casadh Arís
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 06, 1905. Ag Casadh Arís. I n-aindeoin chruadhtain na haimsire atá ann fá láthair, agus aimsir chruaidh is eadh í gan aon amhras; i n-aindeoin na bochtaineachta is na daoirse ata ag luighe go trom ar Chlannaibh Gaedheal ó cheann ceann na tíre, is follus do gach duine a fhágann an chathair is a théidheann san dtuaith, go bhfuil an sean-saoghal ag casadh orainn. Dubhrathas go minic go bhfuil lámh Dé san obair agus creidimíd é. Iarraimís go humhal ar Dhia sinn a stiúradh gan brón gan baoghal ar bhealach ár leasa féin agus leas ar dtíre dúthchais. Táthar ag casadh ar an nGaedhealachas go tiugh agus go fórsamhail. Is beag paróiste i nÉirinn mar ghabhaid, ná fuiltear ag déanamh beart éigin ar son na Gaedhilge. Bítear 'gá múineadh is bítear cúramach 'na taobh, ní hionann is mar bhítí roinnt bliadhanta ó shoin. Is maith linn an cúram is is maith linn an saothar agus le congnamh Dé tiocfaidh chun deagh- chríche. Smaointe de'n tsórd soin a bhí ag rith trí n-ár n-aigne is sinn ag éisteacht le muinntir Mhaoilinn ag léiriughadh an “Tobair Draoidheachta” ist' oidhche Dhomhnaigh Cásca. Is beag má dheineadh ní bh'fhearr riamh é. Bhí gleo agus greann 'na ghluaiseacht ó thosach deireadh. Ní hág ullmhughadh chun imtheacht thar sáile atá muinntir Mhaoilinn. Ní headh acht 'ghá n-ull- mhughadh féin chun a dhéanamh ar son Éireann, agus níl éan-amhras orainn ná go mbeidh soin amhlaidh. Ár láimh díbh, a mhuinntir Mhaoilinn. Cloisfear uaibh fós. Tá sibh ag cabhrughadh go tréan chun an tsean-shaoghal a chasadh orainn arís. Go n-éirighidh libh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services