Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ag Casadh Arís

Title
Ag Casadh Arís
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Bealtaine 06, 1905.



Ag Casadh Arís.



I n-aindeoin chruadhtain na haimsire
atá ann fá láthair, agus aimsir chruaidh is
eadh í gan aon amhras; i n-aindeoin na
bochtaineachta is na daoirse ata ag
luighe go trom ar Chlannaibh Gaedheal
ó cheann ceann na tíre, is follus do
gach duine a fhágann an chathair is a
théidheann san dtuaith, go bhfuil an
sean-saoghal ag casadh orainn.
Dubhrathas go minic go bhfuil lámh Dé
san obair agus creidimíd é. Iarraimís
go humhal ar Dhia sinn a stiúradh gan
brón gan baoghal ar bhealach ár leasa
féin agus leas ar dtíre dúthchais.



Táthar ag casadh ar an nGaedhealachas
go tiugh agus go fórsamhail. Is beag
paróiste i nÉirinn mar ghabhaid, ná
fuiltear ag déanamh beart éigin ar
son na Gaedhilge. Bítear 'gá
múineadh is bítear cúramach 'na taobh,
ní hionann is mar bhítí roinnt
bliadhanta ó shoin. Is maith linn an
cúram is is maith linn an saothar agus le
congnamh Dé tiocfaidh chun deagh-
chríche.



Smaointe de'n tsórd soin a bhí ag
rith trí n-ár n-aigne is sinn ag
éisteacht le muinntir Mhaoilinn ag
léiriughadh an “Tobair Draoidheachta”
ist' oidhche Dhomhnaigh Cásca. Is beag
má dheineadh ní bh'fhearr riamh é. Bhí
gleo agus greann 'na ghluaiseacht ó
thosach deireadh. Ní hág ullmhughadh
chun imtheacht thar sáile atá muinntir
Mhaoilinn. Ní headh acht 'ghá n-ull-
mhughadh féin chun a dhéanamh ar
son Éireann, agus níl éan-amhras orainn
ná go mbeidh soin amhlaidh. Ár láimh
díbh, a mhuinntir Mhaoilinn. Cloisfear
uaibh fós. Tá sibh ag cabhrughadh go
tréan chun an tsean-shaoghal a chasadh
orainn arís. Go n-éirighidh libh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services