Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Na Manaigh
Title
Éire - Na Manaigh
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Séamhadh Ceann Déag. Na Manaigh. Ba mhór é cáil na manach ins an tsean-aimsir i nÉirinn, agus do ba mar gheall ar a charthannacht leis na daoinibh bhí an urraim sin do'n mhanach. Tá 'fhios ag an saoghal go raibh na manaigh sin duthrachtach chum an chreidimh do chraobhscaoileadh. Ní dóich liom, ámh, go raibh aon tuigsint aca i n-aon- chor ar an gcuma do b'fheárr chum tír do riaghlughadh. Ba chuma leo acht ná beadh bruighean ná achrann idir na daoinibh. Ba mhór é a gcion ar na daoinibh agus bhíodar mar mhaithe leis an dtír leis. Is mór an iongnadh liom dá bhrígh sin nár mhúineadar do sna daoinibh go raibh sé riachtanach ortha cabhrughadh leis an Áird-Rígh; mar ceapaim gur bh'fhurusta na daoine do dhéanamh umhal do'n Áird-Rígh, dá dteasbánfaidhe dhóibh gur bh'é leas na tíre na ríghthe cúige agus na taoisigh 'bheith umhal dáiríribh dó. Bhí sé i gcumas na manach an méid sin do dhéanamh, acht is dóich liom nár chas ortha cé bheadh 'na Áird-Rígh acht go mbeadh suaimhneas is síothcháin ann. Measaim, dá réir sin, go mbídís toiltheannach le dhá Áird-Rí 'bheith i n-éinfheacht ar an dtír. Dá dtárlóchadh go mbeadh dhá phrionnsa de'n fhuil uasail i gcomórtas le chéile 'féachaint cia'ca bheadh 'na Áird-Rígh, fá mar do bhí go minic, is é do chomhair- leochadh na manaigh, 'ná an bheirt aca do dhéanamh. Siúd is gur bh'amadánta an bheart é, mar sin féin, ní cóir a mhilleán do chur ar na manachaibh. Níor thuigeadar an gnó, mar níor bha riaghlughadh tíre bhí ceapuighthe dhóibh mar ghnó. Shíleadar go mbeadh síoth- cháin i gcomhnaidhe sa tír i nár theastuigh Áird-Rí intinneamhail géar chúiseach tír-ghrádhach ó Éirinn, do bhaileochadh na taoisigh bhorba ar aon láthair amháin agus adéarfadh leo, “Is i dteannta a chéile is treise sinn. Is mise an t-Áird-Rí, caithfear rud do dhéanamh orm.” Ní raibh sé i gcumas aon Áird-Ríogh ó'n gcéad Domhnall go dtí Brian Bóirmhe an méid sin do rádh gidh go raibh chúig rí fichead ar an dtír ar feadh na dtrí gcéad bliadhan úd. Bhí na ríghthe sin go léir 'na bhfearaibh calma ciall- mhara, acht ní bhíodh na huaisle chomh dílis dóibh is bhítí do ríghthibh na Teamhrach ins an tsean-aimsir. Fuair an tír is a raibh innti a thoradh soin. Nuair do tháinig an Lochlannach do b'olc an scéal d'Éirinn é. Ar feadh an dá chéad bliadhan roimh theacht na Lochlannach amach is isteach leis an mbliadhain 795 (seacht gcéad, cheithre fichid agus chúig bhliadhna déag) bhí, mar dubhramair cheana, teas an chreidimh ag dul chum cinn i nÉirinn agus do las sé suas 'na bhladhm d'éis Catha Mhuighe Ráth. Do cuireadh ar bun scoileanna, do chaith uaisle uatha an chulaidh shíoda agus do chuireadar umpa léine ruainig is brat garbh. Do bhailigheadar 'na gcuideachta uaisle eile, agus ísle chomh maith, agus do chuire- adar fútha i mbothaibh cois aibhne agus cois sruthán i ngleanntaibh iar-gcúlacha; do chromadar ar an dtalamh do rómhar is do leasughadh, ar chur is ar bhaint, an t-uasal chomh saotharach leis an íseal, mar ba cheann dá riaghlachaibh gur bheannuighthe an bheart allus do chur dhíobh le hobair. Do ghnídheadar talamh mín de'n mhachaire fhiadhain, d'fhás an seagal, an eorna, an chruithneacht, agus an meacan buidhe mar a mbíodh an feothanán, an raithneach, an chupóg agus an cas-shearbhán. Tá rian na manach úd fós ar fód na hÉireann, mar pé áit gur chuireadar fútha ann tá an talamh soin mín go dtí indiu. D'aindeoin a dtuirse d'éis a gcuid oibre bhíodar fá choingeallaibh an iomad soin paidreacha do rádh, agus troscadh chomh dian soin do dhéanamh, go raibh a riaghail ró-chruaidh d'éin-dream daoine eile acht d'Éireannaighibh amháin. Dá réir sin nuair do chuire- adar mainistrí ar bun ar Roinn na hEorpa níor bh'fhéidir go mhanachaibh na dtíortha soin na coingill do chomhlíonadh agus do b'éigean riaghail na mBenedictíní do thabhairt dóibh nó rachadh na mainistrí i n-éag ar fad. Fuair manaigh na hÉireann a riaghail ó mhanachaibh nd díthreibhe i nÉigipt agus chuireadar féin riaghlacha diana eile leo. Chuireadh cuid aca mar phionós ortha féin bualadh isteach i linn nó i sruth, oidhche chuisnigh agus céad psailm do rádh ann mar smacht ar an gcolainn. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services