Éire
Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.
An Séamhadh Ceann Déag.
Na Manaigh.
Ba mhór é cáil na manach ins an tsean-aimsir i
nÉirinn, agus do ba mar gheall ar a charthannacht leis
na daoinibh bhí an urraim sin do'n mhanach. Tá 'fhios
ag an saoghal go raibh na manaigh sin duthrachtach chum
an chreidimh do chraobhscaoileadh.
Ní dóich liom, ámh, go raibh aon tuigsint aca i n-aon-
chor ar an gcuma do b'fheárr chum tír do riaghlughadh.
Ba chuma leo acht ná beadh bruighean ná achrann idir
na daoinibh. Ba mhór é a gcion ar na daoinibh agus
bhíodar mar mhaithe leis an dtír leis. Is mór an
iongnadh liom dá bhrígh sin nár mhúineadar do sna
daoinibh go raibh sé riachtanach ortha cabhrughadh leis an
Áird-Rígh; mar ceapaim gur bh'fhurusta na daoine do
dhéanamh umhal do'n Áird-Rígh, dá dteasbánfaidhe dhóibh
gur bh'é leas na tíre na ríghthe cúige agus na taoisigh
'bheith umhal dáiríribh dó.
Bhí sé i gcumas na manach an méid sin do dhéanamh,
acht is dóich liom nár chas ortha cé bheadh 'na Áird-Rígh
acht go mbeadh suaimhneas is síothcháin ann.
Measaim, dá réir sin, go mbídís toiltheannach le
dhá Áird-Rí 'bheith i n-éinfheacht ar an dtír.
Dá dtárlóchadh go mbeadh dhá phrionnsa de'n fhuil
uasail i gcomórtas le chéile 'féachaint cia'ca bheadh
'na Áird-Rígh, fá mar do bhí go minic, is é do chomhair-
leochadh na manaigh, 'ná an bheirt aca do dhéanamh.
Siúd is gur bh'amadánta an bheart é, mar sin féin,
ní cóir a mhilleán do chur ar na manachaibh. Níor
thuigeadar an gnó, mar níor bha riaghlughadh tíre bhí
ceapuighthe dhóibh mar ghnó. Shíleadar go mbeadh síoth-
cháin i gcomhnaidhe sa tír i nár theastuigh Áird-Rí
intinneamhail géar chúiseach tír-ghrádhach ó Éirinn, do
bhaileochadh na taoisigh bhorba ar aon láthair amháin
agus adéarfadh leo, “Is i dteannta a chéile is treise
sinn. Is mise an t-Áird-Rí, caithfear rud do dhéanamh
orm.” Ní raibh sé i gcumas aon Áird-Ríogh ó'n gcéad
Domhnall go dtí Brian Bóirmhe an méid sin do rádh
gidh go raibh chúig rí fichead ar an dtír ar feadh na
dtrí gcéad bliadhan úd.
Bhí na ríghthe sin go léir 'na bhfearaibh calma ciall-
mhara, acht ní bhíodh na huaisle chomh dílis dóibh is bhítí
do ríghthibh na Teamhrach ins an tsean-aimsir. Fuair
an tír is a raibh innti a thoradh soin. Nuair do tháinig
an Lochlannach do b'olc an scéal d'Éirinn é.
Ar feadh an dá chéad bliadhan roimh theacht na
Lochlannach amach is isteach leis an mbliadhain 795
(seacht gcéad, cheithre fichid agus chúig bhliadhna déag) bhí,
mar dubhramair cheana, teas an chreidimh ag dul chum
cinn i nÉirinn agus do las sé suas 'na bhladhm d'éis Catha
Mhuighe Ráth. Do cuireadh ar bun scoileanna, do chaith
uaisle uatha an chulaidh shíoda agus do chuireadar umpa
léine ruainig is brat garbh. Do bhailigheadar 'na
gcuideachta uaisle eile, agus ísle chomh maith, agus do chuire-
adar fútha i mbothaibh cois aibhne agus cois sruthán
i ngleanntaibh iar-gcúlacha; do chromadar ar an
dtalamh do rómhar is do leasughadh, ar chur is ar bhaint,
an t-uasal chomh saotharach leis an íseal, mar ba cheann
dá riaghlachaibh gur bheannuighthe an bheart allus do
chur dhíobh le hobair.
Do ghnídheadar talamh mín de'n mhachaire fhiadhain,
d'fhás an seagal, an eorna, an chruithneacht, agus an
meacan buidhe mar a mbíodh an feothanán, an
raithneach, an chupóg agus an cas-shearbhán. Tá rian na
manach úd fós ar fód na hÉireann, mar pé áit gur
chuireadar fútha ann tá an talamh soin mín go dtí
indiu.
D'aindeoin a dtuirse d'éis a gcuid oibre bhíodar
fá choingeallaibh an iomad soin paidreacha do rádh,
agus troscadh chomh dian soin do dhéanamh, go raibh a
riaghail ró-chruaidh d'éin-dream daoine eile acht
d'Éireannaighibh amháin. Dá réir sin nuair do chuire-
adar mainistrí ar bun ar Roinn na hEorpa níor
bh'fhéidir go mhanachaibh na dtíortha soin na coingill do
chomhlíonadh agus do b'éigean riaghail na mBenedictíní
do thabhairt dóibh nó rachadh na mainistrí i n-éag ar
fad.
Fuair manaigh na hÉireann a riaghail ó mhanachaibh
nd díthreibhe i nÉigipt agus chuireadar féin riaghlacha
diana eile leo. Chuireadh cuid aca mar phionós ortha
féin bualadh isteach i linn nó i sruth, oidhche chuisnigh agus
céad psailm do rádh ann mar smacht ar an gcolainn.
Conán Maol.