Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fearamhlacht ar Fhaithche an Imeartha
Title
Fearamhlacht ar Fhaithche an Imeartha
Author(s)
Oscar na Féinne,
Pen Name
Oscar na Féinne
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Fearamhlacht ar Fhaithche an Imeartha Má bhí an oiread fearthanna 's gach éin-cheanntar Dia Domhnaigh an lá deireannach de'n Abrán is beag a rinneadh ar fhaithche an imeartha. Ní cosamhail gur cuireadh fiú éan- chomórtas amháin ar siubhal i nÁth Cliath. Is gearr uainn anois na comórtaisí a shocróchaidh gaisce iomána agus peile na príomh-chathrach. Beidh togha fear Chonnacht ag imirt i Luimneach Dia Domhnaigh seo chughainn i gcoinne fóirne ó Chorcaigh ar iománaidheacht agus i gcoinne foirne ó Chiarraidhe ar an bpeil. Tá súil go mbeidh an tiomáint géar i ngach comórtas díobh, acht badh mhór an iongnadh fir an iarthair ag buadhchan ar Chlainn Chuirc. Is fearr fuireach go bhfeiceam! Tá mórán ag ár bhfoirnibh le fogh- luim fós, maidir le cluichibh do chríoch- nughadh nuair a chíd éin-leith-scéal chum faithche an imeartha d'fhágaint, go mór-mhór an bhuidhean atá ag dul fé san imirt. Is minic ná bíd siad sásta leis an réidhteach a dhéineann an réidhteoir, fear nár chóir éan- chlaonadh ann le héan-taobh díobh. Is náireach an scéal é do'n bhfuirinn ná seasuigheann an goradh go deireadh bára, acht féach gur fhág “Gaedhil” Bhaile Locha Ramhar an fáithche seacht- mhain ó shoin ar chúis bhig mar sin, agus dhein fuireann eile an cleas céadna ag Ros Cré san chonntae 'nar mhair Maittias an tSúiste. Faire, faire sibh, a iománaidhthe Leathórna, gan an spiorad Ghaedhealach agus an fhíor-fhear- mhalacht ionnaibh seasamh go cóir. I gceann seachtmhaine nó dhó cuir- feam annso an Ghaedhilg ar gach focal a bhaineann le cluiche iomána agus peile. Oscar na Féinne
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services