Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fearamhlacht ar Fhaithche an Imeartha

Title
Fearamhlacht ar Fhaithche an Imeartha
Author(s)
Oscar na Féinne,
Pen Name
Oscar na Féinne
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Fearamhlacht ar Fhaithche an Imeartha



Má bhí an oiread fearthanna 's gach
éin-cheanntar Dia Domhnaigh an lá
deireannach de'n Abrán is beag a
rinneadh ar fhaithche an imeartha. Ní
cosamhail gur cuireadh fiú éan-
chomórtas amháin ar siubhal i nÁth
Cliath. Is gearr uainn anois na
comórtaisí a shocróchaidh gaisce iomána
agus peile na príomh-chathrach.



Beidh togha fear Chonnacht ag imirt
i Luimneach Dia Domhnaigh seo chughainn
i gcoinne fóirne ó Chorcaigh ar
iománaidheacht agus i gcoinne foirne ó
Chiarraidhe ar an bpeil. Tá súil go
mbeidh an tiomáint géar i ngach
comórtas díobh, acht badh mhór an
iongnadh fir an iarthair ag buadhchan
ar Chlainn Chuirc. Is fearr fuireach
go bhfeiceam!



Tá mórán ag ár bhfoirnibh le fogh-
luim fós, maidir le cluichibh do chríoch-
nughadh nuair a chíd éin-leith-scéal
chum faithche an imeartha d'fhágaint, go
mór-mhór an bhuidhean atá ag dul fé
san imirt. Is minic ná bíd siad
sásta leis an réidhteach a dhéineann
an réidhteoir, fear nár chóir éan-
chlaonadh ann le héan-taobh díobh. Is
náireach an scéal é do'n bhfuirinn ná
seasuigheann an goradh go deireadh
bára, acht féach gur fhág “Gaedhil”
Bhaile Locha Ramhar an fáithche seacht-
mhain ó shoin ar chúis bhig mar sin, agus
dhein fuireann eile an cleas céadna
ag Ros Cré san chonntae 'nar mhair
Maittias an tSúiste. Faire, faire
sibh, a iománaidhthe Leathórna, gan an
spiorad Ghaedhealach agus an fhíor-fhear-
mhalacht ionnaibh seasamh go cóir.



I gceann seachtmhaine nó dhó cuir-
feam annso an Ghaedhilg ar gach focal
a bhaineann le cluiche iomána agus peile.



Oscar na Féinne

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services