Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Imirce Arís
Title
An Imirce Arís
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 29, 1905. An Imirce Arís. Do réir gach deallraimh ní bheidh staonadh ná laigheadughadh ar an imirce seo na nGaedheal tar lear i mbliadhna. Is uathbhásach an scéal é muna bhféadfaidh dícheall na cléire agus dícheall na coda-fóghanta de'n tuaith stad a chur leis an ndísceadh seo fola agus smúsaigh na nGaedheal ina dtalamh dúthchais féin. Is éigin dúinn aire a thabhairt do'n cheist seo, agus sid é anois an t-am chun féachaint 'na diaidh. Tá séasúr na himtheachta ag tosnughadh anois. Níor mhór linn ó gach duine i gConnradh na Gaedhilge a chion féin a dhéanamh ar chuma go bhféadfar stad a chur leis an dtréigean so a clann mheathta ar Éirinn. Is eol dúinn gurab iad ceanntair na Gaedhilge is mó atá dá lomadh. Is iad an mhuinntir is Gaedhealaighe an mhuinn- tir is meathta agus is lugha meas ar a dtalamh féin. Dá mbeadh oiread na fríghde de chion aca uirthi ní bheidís dá tréigean fá mar a dheinid agus ag imtheacht leo féin na fairrgí amach le fuacht is le fán iad féin, is a mbugáiste cirteach, agus gan a fhios ag éinne, acht ag Dia na Glóire, moladh go deo leis, caidé an chrích a bheireann ar a leath i ndúithchíbh eachtrann. Is deacair foidhne a bheith againn le n-a leithéidibh sin. Tá a fhios aca féin is tá a fhios ag gach éinne againn go bhfuil dian-ghábhadh le gach éinne go bhfuil an Ghaedhilg aige annso i nÉirinn. Caithfear muinntir na Gaedhilge a choimeád annso ar ais nó ar éigean. Gach duine aca a thréig- eann a thír dhúthchais anois i n-am gábhaidh, cuirtear a ainm i n-áirde, deintear é 'cháineadh, deintear magadh faoi, agus cuirtear scannradh ina chroidhe istigh. Caithfear rud éigin de'n tsórd so 'dhéanamh. Luibh thréan do'n ghalar dhian.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services