Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Imirce Arís

Title
An Imirce Arís
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Aibreán 29, 1905.



An Imirce Arís.



Do réir gach deallraimh ní bheidh
staonadh ná laigheadughadh ar an
imirce seo na nGaedheal tar lear i
mbliadhna. Is uathbhásach an scéal é
muna bhféadfaidh dícheall na cléire
agus dícheall na coda-fóghanta de'n tuaith
stad a chur leis an ndísceadh seo
fola agus smúsaigh na nGaedheal ina
dtalamh dúthchais féin. Is éigin dúinn
aire a thabhairt do'n cheist seo, agus sid
é anois an t-am chun féachaint 'na
diaidh. Tá séasúr na himtheachta ag
tosnughadh anois.



Níor mhór linn ó gach duine i
gConnradh na Gaedhilge a chion féin a
dhéanamh ar chuma go bhféadfar stad
a chur leis an dtréigean so a clann
mheathta ar Éirinn. Is eol dúinn
gurab iad ceanntair na Gaedhilge
is mó atá dá lomadh. Is iad an
mhuinntir is Gaedhealaighe an mhuinn-
tir is meathta agus is lugha meas ar a
dtalamh féin. Dá mbeadh oiread na
fríghde de chion aca uirthi ní bheidís
dá tréigean fá mar a dheinid agus ag
imtheacht leo féin na fairrgí amach
le fuacht is le fán iad féin, is a
mbugáiste cirteach, agus gan a fhios ag
éinne, acht ag Dia na Glóire, moladh
go deo leis, caidé an chrích a bheireann
ar a leath i ndúithchíbh eachtrann.



Is deacair foidhne a bheith againn le
n-a leithéidibh sin. Tá a fhios aca
féin is tá a fhios ag gach éinne againn
go bhfuil dian-ghábhadh le gach éinne go
bhfuil an Ghaedhilg aige annso i
nÉirinn. Caithfear muinntir na
Gaedhilge a choimeád annso ar ais nó
ar éigean. Gach duine aca a thréig-
eann a thír dhúthchais anois i n-am
gábhaidh, cuirtear a ainm i n-áirde,
deintear é 'cháineadh, deintear magadh
faoi, agus cuirtear scannradh ina chroidhe
istigh. Caithfear rud éigin de'n
tsórd so 'dhéanamh. Luibh thréan do'n
ghalar dhian.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services