Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Malairt Oibre
Title
Malairt Oibre
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 22, 1905. Malairt Oibre. Anois ar theacht an tsamhraidh, beidh stad a chur le cuid de na buidheantaibh a bhí ag obair go dian i gcaitheamh an gheimhridh is an earraigh ag foghluim na Gaedhilge. Beifear ag ceannach rothar, nó b'fheidir motar, i gcomhair an tsaosúir. Raghfar ag aeridheacht. Raghaidh muinntir na gcathrach fé'n dtuaith is raghaidh muinntir na tuaithe san gcathair ar feadh tamaill. Raghaidh cuid de'n dá bhuidhin fé dhéin an tsáile. Is maith agus is tairbhtheach an rud leigean do dhian-obair an feadh scathaimh; oireann sé do gach éinne; cuireann sé misneach ann chun breis de'n chruadh-obair a dhéanamh. Acht is geall le scur malairt oibre. Sinne atá ag obair ar son na Gaedhilge ní cóir dúinn scur ar éan- chor. Caithfeam a bheith ag fíor-obair. Má dhéinimíd stad, sin buille ar aghaidh ag ull-phéist an Ghalldachais, sin tairnge eile curtha san mbeo ionnainn aige. Ar an adhbhar soin ní scoraidheacht a fhóghnann dúinn, is éigin an comhrac a choimeád ar siubhal i gcomhnaidhe. Ó nach féidir scur de'n obair, tógaimís malairt oibre ar láimh i gcomhair an tsamhraidh. Tá a fhios ag gach éinne, geall leis, cad is féidir leis féin a dhéanamh. Níl éan-bhall na féadfaidhe maitheas a dhéanamh ann. Nuair a thiocfaidh am scurtha, stad- aimís d'obair an gheimhridh acht luighimís láithreach ar obair eile i gcomhair an tsamhraidh, obair do thiocfaidh do réir an tsaosúir agus obair go mbeidh sé ar ár gcumas í 'chur i gcrích ar mhaitheas dár dtír dhuthchais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services