Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Malairt Oibre

Title
Malairt Oibre
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Aibreán 22, 1905.



Malairt Oibre.



Anois ar theacht an tsamhraidh, beidh
stad a chur le cuid de na buidheantaibh
a bhí ag obair go dian i gcaitheamh an
gheimhridh is an earraigh ag foghluim na
Gaedhilge. Beifear ag ceannach
rothar, nó b'fheidir motar, i gcomhair
an tsaosúir. Raghfar ag aeridheacht.
Raghaidh muinntir na gcathrach fé'n
dtuaith is raghaidh muinntir na tuaithe
san gcathair ar feadh tamaill. Raghaidh
cuid de'n dá bhuidhin fé dhéin an
tsáile. Is maith agus is tairbhtheach an
rud leigean do dhian-obair an feadh
scathaimh; oireann sé do gach éinne;
cuireann sé misneach ann chun breis
de'n chruadh-obair a dhéanamh.



Acht is geall le scur malairt
oibre. Sinne atá ag obair ar son na
Gaedhilge ní cóir dúinn scur ar éan-
chor. Caithfeam a bheith ag fíor-obair.
Má dhéinimíd stad, sin buille ar
aghaidh ag ull-phéist an Ghalldachais,
sin tairnge eile curtha san mbeo
ionnainn aige. Ar an adhbhar soin ní
scoraidheacht a fhóghnann dúinn, is
éigin an comhrac a choimeád ar
siubhal i gcomhnaidhe.



Ó nach féidir scur de'n obair,
tógaimís malairt oibre ar láimh i
gcomhair an tsamhraidh. Tá a fhios ag
gach éinne, geall leis, cad is féidir
leis féin a dhéanamh. Níl éan-bhall na
féadfaidhe maitheas a dhéanamh ann.
Nuair a thiocfaidh am scurtha, stad-
aimís d'obair an gheimhridh acht luighimís
láithreach ar obair eile i gcomhair an
tsamhraidh, obair do thiocfaidh do réir
an tsaosúir agus obair go mbeidh sé ar ár
gcumas í 'chur i gcrích ar mhaitheas dár
dtír dhuthchais.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services