Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Bladhm na bPágánach (ar leanmhaint.)
Title
Éire - Bladhm na bPágánach (ar leanmhaint.)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Ceathramhadh Ceann Déag. Saoirseacht na hAlban. (ar leanmhaint). Ceapaim go raibh fios mioscáise Bhrain Duibh ag an Áird-Rígh agus nár bh'í an Bhóramha is mó do theastuigh uaidh an uair úd áirithe acht amháin chum smacht do chur ar Bhran Dubh. Ghluais sé ó dheas go Laighin ar tí a
dhéanta, acht níor éirigh leis, mar bhí Bran Dubh chomh glic le De Bhet — thiomáin sé scata capall i lár na hoidhche fá dhéin longphuirt an Áird-Ríogh, srathar ar gach capall is dhá chiseán lán de bhiadh fá mar síleadh, acht ní túisce bhí na capaill ualaigh i lár an longphúirt 'ná gur phreab claidhmheach as gach ciseán agus gur chrom- adar ar éirleach. Níor fhéad an tÁird-Rí a chuid saighdiúirí do chur i n-eagar sa dorchacht agus marbhuigheadh é féin sa chomhrac. Ins an dorchacht do fuair sé bás, acht bhí sé ag comhrac, agus níor bha leis an oidhche amháin do bhí a chomhrac acht le dallacht na hÉireann do bhí 'ghá briseadh féin 'na codaibh i n-ionad bheith 'gá fuinneadh féin 'na ríoghacht dhaingin. Is é an iongnadh is mó leis nár thuig na daoine eolacha bhí sa tír — agus bhí foghluim mhaith ar a lán aca — go raibh Áird-Rí ag teastabháil uatha bheadh 'na cheann dáiríribh ar an tír. Ní hamhlaidh do bhí acht deárnadh dhá Áird-Rí i n-éinfheacht, Aodh Sláinghe agus Colmáin — ceann aca as shliocht Néill na Midhe theas agus an ceann eile as shliocht Néill Uladh thuaidh. Is dóich liom gur deineadh é sin i gcás ná beadh aon éad ag an dá threibh de mhuinntir Néill le chéile. Ní rabhadar so ar chathaoir an Áird-Ríogh acht chúig bliadhna agus i gcionn na cheithre bhliadhna ficheadh 'na dhiaidh sin bhí trí Áird-Rí eile i ndiaidh a chéile ag iarraidh na ríoghachta do riaghlughadh. AN CÚIGEADH CEANN DÉAG. BLADHM NA bPÁGÁNACH. Do b'é Domhnall mac Aodha Ainmirigh an rí ba mhó acfuinn dár riaghluigh Éire ó briseadh an Teamhair fá'n rígh Diarmaid. Nuair do déineadh rí dhe ins an mbliadhain 627 d'éis Chríost do thárluigh go raibh taoisigh annso is annsúd ar faid na tíre ag machtnamh go raibh an rígheacht ag tuitim as a chéile agus ná raibh rath ná séan uirri ó briseadh an Teamhair. Dubhairt a lán aca gur bh'í an eaglais ba chionntach leis sin, agus go gcaithfidhe an phágántacht do thabhairt ar n-ais arís. Is ag Conall Claon, gar-mhac do'n Áird-Rígh Domhnall, do bhí an tsiosmarnach ba mhó agus i bhfleadh i dtigh mhór cois na Bóinne do cheap sé gur thug an tÁird-Rí easonóir dó. Ghluais sé tré chúige Uladh, do bhailigh sé buidhean- tsluaigh agus d'éirigh amach láithreach i gcoinnibh an Áird- Ríogh. Ba dhíomhaoin é a ghnó mar ba chosmhail le sean- ríghthibh na Teamhrach an Domhnall so agus ba ghearr an mhoill air Conall Claon agus a fheara congnaimh do scaip- eadh agus do thiomáint as an dtír amach. Ní raibh Conall sásta, ámh. An fear ba bhoirbe agus ba thréine le n-a linn do b'eadh é. Shiubhluigh an Bhreatain is an Albain ar lorg cabhartha is do bhailigh sé 'na chuaird sluaighte fear comhraic. Gheall sé dhóibh saidh- bhreas na hÉireann acht an rí Domhnall agus a chléir is a easbuig do ruagadh. Níor bh'fheárr le sluaighthibh Sacsan gnó bheadh aca agus do thrialladar le cois Chonaill. Thriall mar an gcéadna scata fear chosgarthach cíocrach as Albain fá bheirt mhac chalma ríogh na hAlban, agus do sheoladar isteach cuan Bhun-abhann-duinne i nAondruim 'na míltibh, Conall Claon mar cheann ortha agus mórán de thaoiseachaibh Uladh mar chongnamh aige. Ní raibh an tÁird-Rí Domhnall ag míogarnaigh faid do bhí an buaidhreadh úd ag druidim leis. Do dhein sé fá dhéin na n-eachtrannach agus chasadar ar a chéile thuaidh ar Mhuigh Ráth 'na ndrongaibh is na gcipibh ag briseadh thré n-a chéile ar nós tonntacha fraochdha fairrge. Tá leabhar scríbhte ar an gcath, acht do réir mo tuairime ní fhuil puinn bríghe ann. Badh dhóich liom go raibh cunntas níos seanda agus níos feárr 'ná an leabhar soin ar an gcath mar bhí foghluim go fairsing le linn an chatha úd; acht aon nídh amháin do b'é siúd an gearradh cnámh ba mhó bhí riamh i nÉirinn munab é comhrac na bhFiann i nGabhra leis an Áird-Rígh Cairbre, nó cath Chluaintairbh fá Bhrian Bóroimhe. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services