Éire
Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.
An Ceathramhadh Ceann Déag.
Saoirseacht na hAlban.
(ar leanmhaint).
Ceapaim go raibh fios mioscáise Bhrain Duibh ag an
Áird-Rígh agus nár bh'í an Bhóramha is mó do theastuigh uaidh
an uair úd áirithe acht amháin chum smacht do chur ar
Bhran Dubh. Ghluais sé ó dheas go Laighin ar tí a
dhéanta, acht níor éirigh leis, mar bhí Bran Dubh chomh
glic le De Bhet — thiomáin sé scata capall i lár na
hoidhche fá dhéin longphuirt an Áird-Ríogh, srathar ar
gach capall is dhá chiseán lán de bhiadh fá mar síleadh,
acht ní túisce bhí na capaill ualaigh i lár an longphúirt
'ná gur phreab claidhmheach as gach ciseán agus gur chrom-
adar ar éirleach. Níor fhéad an tÁird-Rí a chuid
saighdiúirí do chur i n-eagar sa dorchacht agus marbhuigheadh
é féin sa chomhrac. Ins an dorchacht do fuair sé bás,
acht bhí sé ag comhrac, agus níor bha leis an oidhche amháin
do bhí a chomhrac acht le dallacht na hÉireann do bhí
'ghá briseadh féin 'na codaibh i n-ionad bheith 'gá
fuinneadh féin 'na ríoghacht dhaingin.
Is é an iongnadh is mó leis nár thuig na daoine
eolacha bhí sa tír — agus bhí foghluim mhaith ar a lán aca —
go raibh Áird-Rí ag teastabháil uatha bheadh 'na cheann
dáiríribh ar an tír. Ní hamhlaidh do bhí acht deárnadh
dhá Áird-Rí i n-éinfheacht, Aodh Sláinghe agus Colmáin —
ceann aca as shliocht Néill na Midhe theas agus an ceann
eile as shliocht Néill Uladh thuaidh. Is dóich liom gur
deineadh é sin i gcás ná beadh aon éad ag an dá
threibh de mhuinntir Néill le chéile. Ní rabhadar so ar
chathaoir an Áird-Ríogh acht chúig bliadhna agus i gcionn na
cheithre bhliadhna ficheadh 'na dhiaidh sin bhí trí Áird-Rí
eile i ndiaidh a chéile ag iarraidh na ríoghachta do
riaghlughadh.
AN CÚIGEADH CEANN DÉAG.
BLADHM NA bPÁGÁNACH.
Do b'é Domhnall mac Aodha Ainmirigh an rí ba mhó
acfuinn dár riaghluigh Éire ó briseadh an Teamhair
fá'n rígh Diarmaid. Nuair do déineadh rí dhe ins an
mbliadhain 627 d'éis Chríost do thárluigh go raibh
taoisigh annso is annsúd ar faid na tíre ag machtnamh
go raibh an rígheacht ag tuitim as a chéile agus ná raibh rath
ná séan uirri ó briseadh an Teamhair. Dubhairt a lán
aca gur bh'í an eaglais ba chionntach leis sin, agus go
gcaithfidhe an phágántacht do thabhairt ar n-ais arís. Is
ag Conall Claon, gar-mhac do'n Áird-Rígh Domhnall, do
bhí an tsiosmarnach ba mhó agus i bhfleadh i dtigh mhór cois
na Bóinne do cheap sé gur thug an tÁird-Rí easonóir
dó. Ghluais sé tré chúige Uladh, do bhailigh sé buidhean-
tsluaigh agus d'éirigh amach láithreach i gcoinnibh an Áird-
Ríogh. Ba dhíomhaoin é a ghnó mar ba chosmhail le sean-
ríghthibh na Teamhrach an Domhnall so agus ba ghearr an
mhoill air Conall Claon agus a fheara congnaimh do scaip-
eadh agus do thiomáint as an dtír amach.
Ní raibh Conall sásta, ámh. An fear ba bhoirbe agus ba
thréine le n-a linn do b'eadh é. Shiubhluigh an Bhreatain
is an Albain ar lorg cabhartha is do bhailigh sé 'na
chuaird sluaighte fear comhraic. Gheall sé dhóibh saidh-
bhreas na hÉireann acht an rí Domhnall agus a chléir is a
easbuig do ruagadh.
Níor bh'fheárr le sluaighthibh Sacsan gnó bheadh aca agus
do thrialladar le cois Chonaill. Thriall mar an
gcéadna scata fear chosgarthach cíocrach as Albain fá
bheirt mhac chalma ríogh na hAlban, agus do sheoladar
isteach cuan Bhun-abhann-duinne i nAondruim 'na
míltibh, Conall Claon mar cheann ortha agus mórán de
thaoiseachaibh Uladh mar chongnamh aige.
Ní raibh an tÁird-Rí Domhnall ag míogarnaigh faid
do bhí an buaidhreadh úd ag druidim leis. Do dhein sé
fá dhéin na n-eachtrannach agus chasadar ar a chéile thuaidh
ar Mhuigh Ráth 'na ndrongaibh is na gcipibh ag briseadh
thré n-a chéile ar nós tonntacha fraochdha fairrge. Tá
leabhar scríbhte ar an gcath, acht do réir mo tuairime
ní fhuil puinn bríghe ann. Badh dhóich liom go raibh
cunntas níos seanda agus níos feárr 'ná an leabhar soin
ar an gcath mar bhí foghluim go fairsing le linn an
chatha úd; acht aon nídh amháin do b'é siúd an gearradh
cnámh ba mhó bhí riamh i nÉirinn munab é comhrac na
bhFiann i nGabhra leis an Áird-Rígh Cairbre, nó cath
Chluaintairbh fá Bhrian Bóroimhe.
Conán Maol.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11