Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Easpog na nIománaidhthe
Title
Easpog na nIománaidhthe
Author(s)
Oscar na Féinne,
Pen Name
Oscar na Féinne
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Easpog na nIománaidhthe Tá Cumann na Lúith-Chleas i gCluain, Co. Chorcaighe, go buacach indiu, agus ní hiongnadh soin. Sid é an fáth: roinnt bhliadhnta ó shoin, bhí óig-fhear aca ar a bhfuirinn iomána, darab ainm is sloinneadh Liam Mac Coitir. Bhí sé go cliste ar an gcamán agus gan é ró- mhaol ar bualadh peile. I bhfad na haimsire ghlac sé Grádh Coisreachta agus tá sé ina easpog óg indiu ar dheo- iseas Phórtsmouth i Sasana. Do dhein a chomh-iománaidhthe gáirdeas leis agus chuir seisean litir chneasta dhíograsach da bhfreagairt ina ndeir gur mór aige an rún gáirdis do sheoladar chuige, mar go bhfuil deimhn- ighthe aca nár bheag an congnamh do thug a mhuinntir féin, idir óg is aosta, do Chumann Lúith-Chleas na nGaedheal agus go mór-mhór i n-óige an Chumann chéadna. Is cuimhin leis go maith na hiarrachtaí a dheinidís fuireann Chluana, ar an gcamán is ar bpeil, chun na craoibhe a bhreith leo, agus níorbh annamh é féin ag imirt ina measc. B'í an riaghail a bhíodh aca ná "an chraobh do'n bhfear is fearr, agus gan éan-easonóir ar an té nár bhuaidh." Is léir dó gurab i seo a dtuise is a riaghail fós, agus 'sí a ghuidhe gura fada bheidh soin amhlaidh. Ní miste easpog na n-iománaidhthe do ghairm de'n easpog nuadh so. Go mairidh sé a theideal, agus go mbuanuighidh Dia a shláinte. Ní mór ná go n-oireann rann de rann- aibh a cheapadh do dhuine dá chinidh, Liam Ruadh Mac Coitir, dó féin annso: - "Do b'uaibhreach a ruathar ar aonach, Do b'fhada ar riascaibh rian a léime, Ar mhéad a reatha nó ar chaitheamh na ndaor-leac, Níor thiomáin a chompráid gur léir dam." Oscar na Féinne
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services