Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Easpog na nIománaidhthe

Title
Easpog na nIománaidhthe
Author(s)
Oscar na Féinne,
Pen Name
Oscar na Féinne
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Easpog na nIománaidhthe



Tá Cumann na Lúith-Chleas i gCluain,
Co. Chorcaighe, go buacach indiu, agus ní
hiongnadh soin. Sid é an fáth: roinnt
bhliadhnta ó shoin, bhí óig-fhear aca ar a
bhfuirinn iomána, darab ainm is
sloinneadh Liam Mac Coitir. Bhí sé
go cliste ar an gcamán agus gan é ró-
mhaol ar bualadh peile. I bhfad na
haimsire ghlac sé Grádh Coisreachta
agus tá sé ina easpog óg indiu ar dheo-
iseas Phórtsmouth i Sasana. Do
dhein a chomh-iománaidhthe gáirdeas
leis agus chuir seisean litir chneasta
dhíograsach da bhfreagairt ina ndeir
gur mór aige an rún gáirdis do
sheoladar chuige, mar go bhfuil deimhn-
ighthe aca nár bheag an congnamh do
thug a mhuinntir féin, idir óg is aosta,
do Chumann Lúith-Chleas na nGaedheal
agus go mór-mhór i n-óige an Chumann
chéadna. Is cuimhin leis go maith na
hiarrachtaí a dheinidís fuireann Chluana,
ar an gcamán is ar bpeil, chun na
craoibhe a bhreith leo, agus níorbh annamh
é féin ag imirt ina measc. B'í an
riaghail a bhíodh aca ná "an chraobh do'n
bhfear is fearr, agus gan éan-easonóir
ar an té nár bhuaidh." Is léir dó
gurab i seo a dtuise is a riaghail fós,
agus 'sí a ghuidhe gura fada bheidh
soin amhlaidh. Ní miste easpog na
n-iománaidhthe do ghairm de'n easpog
nuadh so. Go mairidh sé a theideal, agus
go mbuanuighidh Dia a shláinte. Ní
mór ná go n-oireann rann de rann-
aibh a cheapadh do dhuine dá chinidh,
Liam Ruadh Mac Coitir, dó féin
annso: -
"Do b'uaibhreach a ruathar ar aonach,
Do b'fhada ar riascaibh rian a léime,
Ar mhéad a reatha nó ar chaitheamh na
ndaor-leac,
Níor thiomáin a chompráid gur léir
dam."



Oscar na Féinne

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services