Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
So-Léighteacht
Title
So-Léighteacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 15, 1905. “So-Léighteacht.” Tá buaidhte againn sa deireadh i dtaobh na dtrucaillí. Féadfaidh Gaedheal a ainm a chur i nGaedhilg ar a thrucaill gan spleádhchas d'éinne, is cuma ciaca constábla nó sáirsint nó an “ceann” féin é. Féachaimís siar anois agus deinimís áireamh ar na leomhanaibh do throid ar son an chirt san gcúis seo. Caithfear tosnughadh le gníomh Thaidhg Uí Ghlasáin, Lios Choinleáin, i gCo. Chorcaighe. Na bliadhanta ó shoin do cuireadh fíneáil ar Thadhg i dtaobh a ainm a bheith san nGaedhilg aige ar a ghléas bhuailteoreachta. B'é Tadhg a thosnuigh an imirt agus is air atá an luthgháir indiu i dtaobh go bhfuil buaidhte againn. Bairltliméid Ó hEidhin, ó Cho. na Gaillimhe an tarna fear gur déineadh éagcóir air san gcás so. Liam Ó Siordáin, ó Cho. na Midhe, an tríomhadh fear agus Niall Mac Giolla Bríghde ó Dhún na nGall an ceathramhadh duine. Ní dhéanfaidh muinntir na hÉireann dearmhad ar na hainmneachaibh seo. Is é an reacht dlighe, nó cam-dhlighe badh chóra a thabhairt air, go gcaithfear ainm a bheith ar gach trucaill agus go gcaithfidh an ainm sin a bheith “so- léighte.” Bhí a ainm ag gach duine dhíobh soin thuas ar a thrucaill. Ní ar na daoinibh féin is cóir an milleán a bheith dá mbadh rud é ná rabhadar na hainmneacha “so-léighte” do chonn- stálaibh áirithe ná do dhaoinibh eile gan léigheann. Cionnus a thagann sé go bhfuair daoine áirithe bheith na gconnstálaibh agus iad gan léigheann? Agus ní amháin connstáblaí gan léigheann atá againn. Tá sáirsint gan léigheann againn. Agus tá “cinn” gan léigheann againn. Is gearr go bhfuighfear amach go bhfuil annso i nÉirinn a lán daoine “gan léigheann.” Suaicheantais díobh. Molaimís dóibh tamall a chaitheamh i bhfochair Néill Mhic Giolla Bhríghde is Thaidhg Uí Ghlasáin ag foghluim léightheoireachta.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services