Historical Irish Corpus
1600 - 1926

So-Léighteacht

Title
So-Léighteacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Aibreán 15, 1905.



“So-Léighteacht.”



Tá buaidhte againn sa deireadh i
dtaobh na dtrucaillí. Féadfaidh
Gaedheal a ainm a chur i nGaedhilg ar
a thrucaill gan spleádhchas d'éinne, is
cuma ciaca constábla nó sáirsint nó
an “ceann” féin é. Féachaimís siar
anois agus deinimís áireamh ar na
leomhanaibh do throid ar son an
chirt san gcúis seo. Caithfear
tosnughadh le gníomh Thaidhg Uí
Ghlasáin, Lios Choinleáin, i gCo.
Chorcaighe. Na bliadhanta ó shoin do
cuireadh fíneáil ar Thadhg i dtaobh a
ainm a bheith san nGaedhilg aige ar a
ghléas bhuailteoreachta. B'é Tadhg a
thosnuigh an imirt agus is air atá an
luthgháir indiu i dtaobh go bhfuil
buaidhte againn. Bairltliméid Ó
hEidhin, ó Cho. na Gaillimhe an tarna
fear gur déineadh éagcóir air san
gcás so. Liam Ó Siordáin, ó Cho. na
Midhe, an tríomhadh fear agus Niall Mac
Giolla Bríghde ó Dhún na nGall an
ceathramhadh duine. Ní dhéanfaidh
muinntir na hÉireann dearmhad ar
na hainmneachaibh seo.



Is é an reacht dlighe, nó cam-dhlighe
badh chóra a thabhairt air, go gcaithfear
ainm a bheith ar gach trucaill agus go
gcaithfidh an ainm sin a bheith “so-
léighte.” Bhí a ainm ag gach duine
dhíobh soin thuas ar a thrucaill. Ní ar
na daoinibh féin is cóir an milleán a
bheith dá mbadh rud é ná rabhadar na
hainmneacha “so-léighte” do chonn-
stálaibh áirithe ná do dhaoinibh eile
gan léigheann. Cionnus a thagann sé
go bhfuair daoine áirithe bheith na
gconnstálaibh agus iad gan léigheann?
Agus ní amháin connstáblaí gan
léigheann atá againn. Tá sáirsint gan
léigheann againn. Agus tá “cinn”
gan léigheann againn. Is gearr go
bhfuighfear amach go bhfuil annso i
nÉirinn a lán daoine “gan léigheann.”
Suaicheantais díobh. Molaimís dóibh
tamall a chaitheamh i bhfochair Néill
Mhic Giolla Bhríghde is Thaidhg Uí
Ghlasáin ag foghluim léightheoireachta.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services