Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Saoirseacht na hAlban
Title
Éire - Saoirseacht na hAlban
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Ceathramhadh Ceann Déag Saoirseacht na hAlban. Ní raibh Éire riamh gan filí faid do bhí a teanga féin aici. Bhíodh scrúdughadh dian i gcomhair dhuine sul d'fhéadfadh sé bheith 'na fhile, mar siúd is go mbeadh an intinn féin aige bhí sé riachtanach air riaghlacha filidh- eachta d'fhoghluim do réir mar ceaptaoi ins na scoileannaibh. Dar liom is amhlaidh do gnidheadh na riaghlacha 'na intinn an fhile do chur i ndísc. Acht go háirithe i n-aindeoin na riaghlacha úd do bhris tuile filidheachta amach i n-aigne na ndaoine ins an séamhadh aois agus dá bhárr soin chuaidh grádh na bhfilí i méid. Bhí sean-nós ag baint le grád soin an fhile ná leomhfaidhe é 'éiteach pé bronntanas d'iarrfadh sé ar chách. Thárluigh go raibh filí chomh flúirseach soin le linn an Áird-Ríogh Aodh Ainmireach (572-598) gur chrom na daoine ar ghearán go rabhadar créachta ó shainnt na bhfilí sin. Do b'é an scéal céadna ag an Áird-Rígh féin é, agus do gheall sé do sna daoinibh go gcomhair- leochadh sé do Dháil mhóir do bhí le cur ar bun gur chóir grádh na bhfilí do scaoileadh agus iad féin do thiomáint as an dtír. Ba thruagh mór dá scaipfidhe na filí, siúd is go raibh cuid aca an cor soin bun os cionn le sainnt, mar do b'iad amhráin an fhile do neartuigh misneach na ndaoine ó aois go haois is do mhúscail grádh tíre ina n-aigne. Mar sin féin, rí go raibh fonn riaghalta air do b'eadh Aodh Ainmireach, agus do bhailigh sé uaisle na hÉireann chun dála móire i nDruimceat i gCúige Uladh, láimh le Grianán Ailigh mar ar chomhnuigh sé féin. Do b'é easaontas na hAlban an gnó ba mhó bhí ag cur ar an Áird-Rígh, acht ar a shon soin do gheall sé go gcaithfidhe smacht do chur ar na filíbh leis. Chualaidh Columcille thall i nOileán Í cois Alban an tóir do bhí i ndiaidh na bhfilí, agus do bheartuigh sé chum siubhail i gcomhair cabhruighthe leo. File do b'eadh é féin agus an deoraidhe ba bhrón-chroidhighe dár fhág Éire riamh. Tá sé curtha 'na leith, ámh, gur éirigh sé go tuathalach nuair do bhí sé óg is uallach i gcoinnibh an Áird-Ríogh Diarmaid. Ar a shon soin is eile is é Columcille an polla is gléire agus is mór is fiú imeasc na nGaedheal, agus is binn é a ghuth ar nós bualadh cloigín i nDáil Dhruimceat ag athchuinghidhe ar an Áird-Rígh gan na báird do dhíbirt. Fuair sé a ghuidhe agus chuir an Dáil úd riaghlacha ar bun ag léiriughadh na bhfilí feasta agus 'ghá chur 'fhiach- aibh ortha múineadh i scoileannaibh. Fuair Columcille guidhe eile leis ag an nDáil úd nár bha shochar d'Éirinn í — d'áitimh sé ar an Áird-Rígh gur bh'fhearr dó saoirseacht do thabhairt d'Albain, mar d'eitigh Gaedhil na hAlban as súd amach aon cháin do thabhairt d'Áird-Ríghthibh Éireann. Céadta bliadhan roimhe sin do sheol dream de Ghaedhealaibh as Ultaibh go hAlbain agus chuireadar fútha ann. Ghabhadar ar na Pictighibh annsúd le cabhair ríogh na Teamhrach agus dhíoladar cáin leis gach bliadhain. Bhí na Pictigh ag cur ortha arís gur tháinig buidhean mhór as an Mumhain chum conganta leo agus cuireadh smacht dáiríribh ar na Pictighibh. Do mhéaduigheadar súd is do bhorradar fá chúram ríghthe na Teamhrach, agus ba bheag nách raibh an Albain go léir ag díol cíoscáin leis an dTeamhair ar feadh chúig chéad bliadhan. Ní túisce bhris mallacht na Teamhrach ríoghacht na hÉireann ná gur dhiúltuigh an Albain an cíoscáin do dhíol níos mó. Chuir Aodh Ainmireach roimis a chur 'fhiachaibh ar an Albain an cháin do dhíol agus chruinnigh sé Dáil Dhruimceat le haghaidh an ghnotha. Bhí 'fhios ag Aodhán, rí na nGaedheal i nAlbain, nách raibh cumhacht an Áird-Ríogh mar do bhíodh agus labhair sé go dán leis, mar dearbhráthair d'Aodhán do b'eadh Bran Dubh, rí Laighean, agus bhí na Laighnigh i gcoinnibh an Áird-Ríogh i dtaobh an Bhóramha. D'iarr Columcille mar athchuinge ar an Áird-Rígh gan dul chun cogaidh i dtaobh na cána agus do ghnídh an tÁrd-Rí cráidhte rud air. As súd amach bhí Éire gan buannacht ar an Albain. Fuair sí a saoirseacht gan fuil thré impidhe Cholumcille. Níor bh'iontaoibh d'éinne comhairle 'thabhairt do shean-ríghthibh págánacha na Teamhrach an Albain do scaoileadh uatha chomh bog soin. Níor mhair Aodh Ainmireach i bhfad 'na dhiaidh súd. Marbhuigheadh é i nDúnbolg (598 D.C.) ag comhrach le Bran Dubh ag iarraidh Bóramha Laighean do thógáil. Rí aigeantamhail fuinneamhail do b'eadh Aodh Ainmireach acht is é a mhí-ádh gur ba ar feadh a ríghe do shleamhnuigh an Albain as chomhaltas na hÉireann. Níor bh'é ba chionntach leis, ámh, acht tubaiste na Teamhrach do bhris an ríghtheacht, agus do dheighil na cúigí ó n-a chéile. 'Na theannta soin bhí an Bhóramha ag déanamh buadhartha do'n tír agus dá gcuirfeadh an tÁird- Rí roimis dul chum catha le Aodhán, rí na hAlban, bheadh Bran Dubh i ndiaidh a chúil air, rud a bheadh sé de mhisneach ar an rígh chúige sin do dhéanamh muna mbeadh gur laguigheadh cumhacht an Áird-Ríogh. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services