Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Saoirseacht na hAlban

Title
Éire - Saoirseacht na hAlban
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



An Ceathramhadh Ceann Déag



Saoirseacht na hAlban.



Ní raibh Éire riamh gan filí faid do bhí a teanga
féin aici. Bhíodh scrúdughadh dian i gcomhair dhuine sul
d'fhéadfadh sé bheith 'na fhile, mar siúd is go mbeadh
an intinn féin aige bhí sé riachtanach air riaghlacha filidh-
eachta d'fhoghluim do réir mar ceaptaoi ins na
scoileannaibh. Dar liom is amhlaidh do gnidheadh na
riaghlacha 'na intinn an fhile do chur i ndísc. Acht go
háirithe i n-aindeoin na riaghlacha úd do bhris tuile
filidheachta amach i n-aigne na ndaoine ins an séamhadh
aois agus dá bhárr soin chuaidh grádh na bhfilí i méid.



Bhí sean-nós ag baint le grád soin an fhile ná
leomhfaidhe é 'éiteach pé bronntanas d'iarrfadh sé ar
chách.



Thárluigh go raibh filí chomh flúirseach soin le linn an
Áird-Ríogh Aodh Ainmireach (572-598) gur chrom na
daoine ar ghearán go rabhadar créachta ó shainnt na
bhfilí sin. Do b'é an scéal céadna ag an Áird-Rígh
féin é, agus do gheall sé do sna daoinibh go gcomhair-
leochadh sé do Dháil mhóir do bhí le cur ar bun gur
chóir grádh na bhfilí do scaoileadh agus iad féin do
thiomáint as an dtír.



Ba thruagh mór dá scaipfidhe na filí, siúd is go
raibh cuid aca an cor soin bun os cionn le sainnt,
mar do b'iad amhráin an fhile do neartuigh misneach na
ndaoine ó aois go haois is do mhúscail grádh tíre ina
n-aigne. Mar sin féin, rí go raibh fonn riaghalta air
do b'eadh Aodh Ainmireach, agus do bhailigh sé uaisle na
hÉireann chun dála móire i nDruimceat i gCúige
Uladh, láimh le Grianán Ailigh mar ar chomhnuigh sé
féin.



Do b'é easaontas na hAlban an gnó ba mhó bhí ag
cur ar an Áird-Rígh, acht ar a shon soin do gheall sé
go gcaithfidhe smacht do chur ar na filíbh leis. Chualaidh
Columcille thall i nOileán Í cois Alban an tóir do bhí
i ndiaidh na bhfilí, agus do bheartuigh sé chum siubhail i
gcomhair cabhruighthe leo. File do b'eadh é féin agus an
deoraidhe ba bhrón-chroidhighe dár fhág Éire riamh. Tá
sé curtha 'na leith, ámh, gur éirigh sé go tuathalach
nuair do bhí sé óg is uallach i gcoinnibh an Áird-Ríogh
Diarmaid.



Ar a shon soin is eile is é Columcille an polla is
gléire agus is mór is fiú imeasc na nGaedheal, agus is binn
é a ghuth ar nós bualadh cloigín i nDáil Dhruimceat
ag athchuinghidhe ar an Áird-Rígh gan na báird do
dhíbirt. Fuair sé a ghuidhe agus chuir an Dáil úd riaghlacha
ar bun ag léiriughadh na bhfilí feasta agus 'ghá chur 'fhiach-
aibh ortha múineadh i scoileannaibh.



Fuair Columcille guidhe eile leis ag an nDáil úd
nár bha shochar d'Éirinn í — d'áitimh sé ar an Áird-Rígh
gur bh'fhearr dó saoirseacht do thabhairt d'Albain, mar
d'eitigh Gaedhil na hAlban as súd amach aon cháin do
thabhairt d'Áird-Ríghthibh Éireann.



Céadta bliadhan roimhe sin do sheol dream de
Ghaedhealaibh as Ultaibh go hAlbain agus chuireadar fútha
ann. Ghabhadar ar na Pictighibh annsúd le cabhair ríogh
na Teamhrach agus dhíoladar cáin leis gach bliadhain. Bhí
na Pictigh ag cur ortha arís gur tháinig buidhean mhór
as an Mumhain chum conganta leo agus cuireadh smacht
dáiríribh ar na Pictighibh. Do mhéaduigheadar súd is
do bhorradar fá chúram ríghthe na Teamhrach, agus ba bheag
nách raibh an Albain go léir ag díol cíoscáin leis an
dTeamhair ar feadh chúig chéad bliadhan.



Ní túisce bhris mallacht na Teamhrach ríoghacht na
hÉireann ná gur dhiúltuigh an Albain an cíoscáin do
dhíol níos mó. Chuir Aodh Ainmireach roimis a chur
'fhiachaibh ar an Albain an cháin do dhíol agus chruinnigh sé
Dáil Dhruimceat le haghaidh an ghnotha. Bhí 'fhios ag
Aodhán, rí na nGaedheal i nAlbain, nách raibh cumhacht
an Áird-Ríogh mar do bhíodh agus labhair sé go dán leis,
mar dearbhráthair d'Aodhán do b'eadh Bran Dubh, rí
Laighean, agus bhí na Laighnigh i gcoinnibh an Áird-Ríogh i
dtaobh an Bhóramha.



D'iarr Columcille mar athchuinge ar an Áird-Rígh
gan dul chun cogaidh i dtaobh na cána agus do ghnídh an
tÁrd-Rí cráidhte rud air. As súd amach bhí Éire gan
buannacht ar an Albain. Fuair sí a saoirseacht gan
fuil thré impidhe Cholumcille.



Níor bh'iontaoibh d'éinne comhairle 'thabhairt do
shean-ríghthibh págánacha na Teamhrach an Albain do
scaoileadh uatha chomh bog soin. Níor mhair Aodh
Ainmireach i bhfad 'na dhiaidh súd. Marbhuigheadh é i
nDúnbolg (598 D.C.) ag comhrach le Bran Dubh ag
iarraidh Bóramha Laighean do thógáil.



Rí aigeantamhail fuinneamhail do b'eadh Aodh
Ainmireach acht is é a mhí-ádh gur ba ar feadh a ríghe
do shleamhnuigh an Albain as chomhaltas na hÉireann.
Níor bh'é ba chionntach leis, ámh, acht tubaiste na
Teamhrach do bhris an ríghtheacht, agus do dheighil na cúigí ó
n-a chéile. 'Na theannta soin bhí an Bhóramha ag
déanamh buadhartha do'n tír agus dá gcuirfeadh an tÁird-
Rí roimis dul chum catha le Aodhán, rí na hAlban,
bheadh Bran Dubh i ndiaidh a chúil air, rud a bheadh sé
de mhisneach ar an rígh chúige sin do dhéanamh muna
mbeadh gur laguigheadh cumhacht an Áird-Ríogh.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services