Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Riaghail Nua
Title
An Riaghail Nua
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 8, 1905. An Riaghail Nua. Is beag má thuit ein-nídh riamh amach is mó a chorruigh muinntir na tíre is a ghríosuigh iad chun suime a chur i gcúrsaibh oideachais a n-aosa óig 'ná an riaghail nua do muinntire an Bhúird Náisiúnta .i. 127 (b). Tá muinntir na hÉireann ag preabadh 'na ndúiseacht sa deireadh, agus do deimhin ba dheacair go leor iad a mhúscailt. Chomh luath agus bheidh 'na ndúiseacht i gceart agus uain fachta agat ar labh- airt is ar a dtuairim a chur i bhfeidhm ní fada a sheasóchadh ní hamháin 127 (b) acht riaghlacha nach í atá ag lot cúrsaí oideachais a gcloinne ins na scoileannaibh crannda náisiúnta. Tá a n-aigne socair ag muinntir na hÉireann, nó muna bhfuil fá láthair is gearr go mbeidh, go gcaithfidh leanbhaí na tíre seo oideachas d'fhágháil a fhóghnfaidh chun deagh-Ghaedhil a dhéanamh dhíobh, agus oideachas a cabhróchaidh leo, d'éis scoile d'fhágaint dóibh, chun slighe bheathadh a bhaint amach dhóibh féin san am atá ag teacht, pé airgead a chosnóchaidh soin. Badh dhóigh le duine gurab iad do b'fhearr chun tuairim a thabhairt ar chúrsaibh oideachais na daoine a bhíonn 'na bhun ó cheann ceann na bliadhna. Dá réir sin, nach iad na daoine is fearr a thuigeann an saghas oideachais do fhóghnfadh d'Éireann na daoine a bhíonn de ghnáth i bhfeidhil oideachais ar fuid na tíre? Is iad-san bainisteoirí agus múinteoirí na scoileanna. Agus caidé an tuairim atá aca-san i dtaobh na riaghlach nua so 127 (b)? Tá gach éan-duine riamh aca 'na coinnibh. Is beag lá ná feicimíd trácht uatha ins na páipéaraibh mar gheall air. An bhfuil muinntir an Bhúird Náisiúnta agus Cisteoir spriún- laithe Riaghaltais Shasana chun dul i gcoinnibh tola mhuinntire na hÉireann san gceist seo? An dteastuigheann troid uatha? Má theastuigheann, táimíd-ne ullamh, agus chífear i ndeireadh na treidhse cia bheidh thíos. “Ní bhfagh- ann lámh iadhta acht dorn dúnta”, agus “caithfidh an Ceart 'na cheart bheith suidhte.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services