Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Riaghail Nua

Title
An Riaghail Nua
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Aibreán 8, 1905.



An Riaghail Nua.



Is beag má thuit ein-nídh riamh amach
is mó a chorruigh muinntir na tíre is
a ghríosuigh iad chun suime a chur i
gcúrsaibh oideachais a n-aosa óig 'ná
an riaghail nua do muinntire an
Bhúird Náisiúnta .i. 127 (b). Tá
muinntir na hÉireann ag preabadh 'na
ndúiseacht sa deireadh, agus do deimhin
ba dheacair go leor iad a mhúscailt.
Chomh luath agus bheidh 'na ndúiseacht i
gceart agus uain fachta agat ar labh-
airt is ar a dtuairim a chur i bhfeidhm
ní fada a sheasóchadh ní hamháin
127 (b) acht riaghlacha nach í atá ag
lot cúrsaí oideachais a gcloinne ins
na scoileannaibh crannda náisiúnta.
Tá a n-aigne socair ag muinntir na
hÉireann, nó muna bhfuil fá láthair is
gearr go mbeidh, go gcaithfidh leanbhaí
na tíre seo oideachas d'fhágháil a
fhóghnfaidh chun deagh-Ghaedhil a dhéanamh
dhíobh, agus oideachas a cabhróchaidh leo,
d'éis scoile d'fhágaint dóibh, chun
slighe bheathadh a bhaint amach dhóibh féin
san am atá ag teacht, pé airgead a
chosnóchaidh soin.



Badh dhóigh le duine gurab iad do
b'fhearr chun tuairim a thabhairt ar
chúrsaibh oideachais na daoine a bhíonn
'na bhun ó cheann ceann na bliadhna.
Dá réir sin, nach iad na daoine is
fearr a thuigeann an saghas oideachais
do fhóghnfadh d'Éireann na daoine a
bhíonn de ghnáth i bhfeidhil oideachais ar
fuid na tíre? Is iad-san bainisteoirí
agus múinteoirí na scoileanna. Agus
caidé an tuairim atá aca-san i
dtaobh na riaghlach nua so 127 (b)?
Tá gach éan-duine riamh aca 'na
coinnibh. Is beag lá ná feicimíd
trácht uatha ins na páipéaraibh mar
gheall air. An bhfuil muinntir an
Bhúird Náisiúnta agus Cisteoir spriún-
laithe Riaghaltais Shasana chun dul i
gcoinnibh tola mhuinntire na hÉireann
san gceist seo? An dteastuigheann
troid uatha? Má theastuigheann,
táimíd-ne ullamh, agus chífear i ndeireadh
na treidhse cia bheidh thíos. “Ní bhfagh-
ann lámh iadhta acht dorn dúnta”, agus
“caithfidh an Ceart 'na cheart bheith
suidhte.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services