Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cleasradh na nGaedheal
Title
Cleasradh na nGaedheal
Author(s)
Oscar na Féinne,
Pen Name
Oscar na Féinne
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cleasradh na nGaedheal Na cluichí ba mhó go raibh suim ionnta feadh na seachtmhaine seo ghaibh thorainn, b'iad na comórtaisí idir fóirnibh Chorcaighe is Chiarraidhe iad, le haghaidh corn na Mumhan ar iománaidh- eacht is ar bhualadh peile. Rug muinntir Chorcaighe an báire ar gach imirt, gan puinn duaidh; b'id é an t-áireamh 29 i n-aghaidh 4 san iománaidh- eacht, agus a 11 i gcoinne 3 ar an bpeil. Níor chaill fuireann na Carraige Duibhe a n-aicillidheacht i sean-chluiche na nGaedheal, agus ragaidh sé cruaidh ortha mara mbuaidhfidh craobh na hÉireann arís eile. Níl deire fós le sna cluichibh i gcomhair curadh-mír Chúige Laighean. Tá an Árd-Chomhairle ag socrughadh i dtaobh na n-aith-imirt. Táid fóirne annso i nÁth Cliath a dheineann cleacht de chluichibh Galldha ar an bpeil, go dteastuigheann uatha breith ar dhaltaibh ó sna cumannaibh Gaedhealacha agus iad do ghabháilt isteach i n-imirt na n-allmhúrach ar thuarastal cúpla scilling an iarracht. Éan- Ghaedheal go bhfuil meas aige air féin ná ar a dhúthaigh ní baoghal go mbacfaidh sé leo. Is mór é ár meas ar na Gaedhil- geoiribh seo atá ag casadh le n-ár gcluichí féin do chur ar aghaidh i gcraobhachaibh de Chonnradh na Gaedh- ilge. Tá cuid aca so ar na fóirnibh is treise i nÉirinn, agus tá súil againn go mbuaidhfe fuireann éigin díobh curadh- mír na hÉireann. Do rinneadh ath-thoghadh ar ár sean- charaid Tomás Ó Muircheartaigh ina uachtarán ar Chumann Chéitinn rith na seachtmhaine, agus tá fonn ar gach dream de sna cheithre fóirnibh sa Chraobh soin an báire do bhreith leo. An Cumann Camógaidheachta so ag Scoil Mhuire i nDomhnach Broc, táid siad ag dul i dtreis chomh mór soin gur gairid uainn ná faghaidh éan- fhuireann chailíní i nÁth Cliath seasamh ina gcoinne. Oscar na Féinne
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services