Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cleasradh na nGaedheal

Title
Cleasradh na nGaedheal
Author(s)
Oscar na Féinne,
Pen Name
Oscar na Féinne
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cleasradh na nGaedheal



Na cluichí ba mhó go raibh suim
ionnta feadh na seachtmhaine seo ghaibh
thorainn, b'iad na comórtaisí idir
fóirnibh Chorcaighe is Chiarraidhe iad, le
haghaidh corn na Mumhan ar iománaidh-
eacht is ar bhualadh peile. Rug
muinntir Chorcaighe an báire ar gach
imirt, gan puinn duaidh; b'id é an
t-áireamh 29 i n-aghaidh 4 san iománaidh-
eacht, agus a 11 i gcoinne 3 ar an bpeil.
Níor chaill fuireann na Carraige
Duibhe a n-aicillidheacht i sean-chluiche
na nGaedheal, agus ragaidh sé cruaidh
ortha mara mbuaidhfidh craobh na
hÉireann arís eile.



Níl deire fós le sna cluichibh i
gcomhair curadh-mír Chúige Laighean.
Tá an Árd-Chomhairle ag socrughadh i
dtaobh na n-aith-imirt.



Táid fóirne annso i nÁth Cliath a
dheineann cleacht de chluichibh Galldha
ar an bpeil, go dteastuigheann uatha
breith ar dhaltaibh ó sna cumannaibh
Gaedhealacha agus iad do ghabháilt isteach
i n-imirt na n-allmhúrach ar thuarastal
cúpla scilling an iarracht. Éan-
Ghaedheal go bhfuil meas aige air féin
ná ar a dhúthaigh ní baoghal go
mbacfaidh sé leo.



Is mór é ár meas ar na Gaedhil-
geoiribh seo atá ag casadh le n-ár
gcluichí féin do chur ar aghaidh i
gcraobhachaibh de Chonnradh na Gaedh-
ilge. Tá cuid aca so ar na fóirnibh is
treise i nÉirinn, agus tá súil againn go
mbuaidhfe fuireann éigin díobh curadh-
mír na hÉireann.



Do rinneadh ath-thoghadh ar ár sean-
charaid Tomás Ó Muircheartaigh ina
uachtarán ar Chumann Chéitinn rith na
seachtmhaine, agus tá fonn ar gach dream
de sna cheithre fóirnibh sa Chraobh soin
an báire do bhreith leo.



An Cumann Camógaidheachta so ag
Scoil Mhuire i nDomhnach Broc, táid
siad ag dul i dtreis chomh mór soin
gur gairid uainn ná faghaidh éan-
fhuireann chailíní i nÁth Cliath seasamh
ina gcoinne.



Oscar na Féinne

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services