Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Oideachas Oireamhnach
Title
Oideachas Oireamhnach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 1, 1905. Oideachas Oireamhnach. Tá éin-nídh amháin ann go gcaithfear troid agus bruighean agus caismirt a dhéan- amh mar gheall air i gcaitheamh na bliadhna so chughainn. Sé nídh é 'ná an t-oideachas a gheibhid aos óg na tíre seo. Is cuma linn cad iad na mór- cheisteanna a bheidh dhá bpléidhe i measc daoine, is cuma cad iad na rudaí go n-oirfeadh réidhteach dhóibh, níor chóir an t-aon cheist mór-éifeachta so a dhearmhad d'oidhche ná de ló, moch ná déidheannach, go dtí go gcuirfear í i gcrích. Is eol do gach éinne caidé an tairbhe do dhaoinibh oideachas oireamh- nach d'fhágháil 'na n-óige. Cuireann sé ar ród a leasa iad i gcomhair a saoghail; músclann misneach agus árd- aigeantacht ionnta; níl amhras ná go síol-chuireann ionnta grádh do'n léigheann, cion ar na subháilcíbh agus fuath do bheartaibh droch-iomchair; agus 'na dteannta-san fáscann agus snaidhmeann i gcroidhe is i n-aigne gach duine aca fá leith ceanamhlacht dá dtír, urraim do sna laochraidh do throid agus do fuair bás ar a son. Acht chuige seo, ní fuláir an t-oid- eachas a bheith oireamhnach; ní fuláir an mhuinntir atá os cionn an oideachais a bheith go deigh-mhéinneach agus ar intinn leasa na tíre. Badh bheag an mhaith an t-uisce do'n té bheadh ag fágháil bháis leis an ocras. Ní fuláir, mar an gcéadna, do'n té bheidh ag riar ar an óige a gnó a dhéanamh go bádhach, go milis-bhriathrach agus go so-mheanmnach. Caithfeam-ne féachaint chuige go bhfuighidh aos óg ár dtíre-ne oideachas oireamhnach. Caithfeam a chur 'na luighe ar áithreachaibh is ar máithreachaibh cloinne, go bhfuil sé de dhualgus ortha i láthair Dé féachaint chuige go bhfuighidh a gclann an tabhairt suas a fhóghnfaidh chun Éireannaigh is chun Gaedhil i ndáiríribh a dhéanamh dhíobh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services