An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Aibreán 1, 1905.
Oideachas Oireamhnach.
Tá éin-nídh amháin ann go gcaithfear
troid agus bruighean agus caismirt a dhéan-
amh mar gheall air i gcaitheamh na
bliadhna so chughainn. Sé nídh é 'ná an
t-oideachas a gheibhid aos óg na tíre
seo. Is cuma linn cad iad na mór-
cheisteanna a bheidh dhá bpléidhe i measc
daoine, is cuma cad iad na rudaí go
n-oirfeadh réidhteach dhóibh, níor chóir
an t-aon cheist mór-éifeachta so a
dhearmhad d'oidhche ná de ló, moch ná
déidheannach, go dtí go gcuirfear í i
gcrích. Is eol do gach éinne caidé an
tairbhe do dhaoinibh oideachas oireamh-
nach d'fhágháil 'na n-óige. Cuireann
sé ar ród a leasa iad i gcomhair a
saoghail; músclann misneach agus árd-
aigeantacht ionnta; níl amhras ná go
síol-chuireann ionnta grádh do'n
léigheann, cion ar na subháilcíbh agus fuath
do bheartaibh droch-iomchair; agus 'na
dteannta-san fáscann agus snaidhmeann
i gcroidhe is i n-aigne gach duine aca
fá leith ceanamhlacht dá dtír, urraim
do sna laochraidh do throid agus do fuair
bás ar a son.
Acht chuige seo, ní fuláir an t-oid-
eachas a bheith oireamhnach; ní fuláir an
mhuinntir atá os cionn an oideachais a
bheith go deigh-mhéinneach agus ar intinn
leasa na tíre. Badh bheag an mhaith an
t-uisce do'n té bheadh ag fágháil bháis
leis an ocras. Ní fuláir, mar an
gcéadna, do'n té bheidh ag riar ar an
óige a gnó a dhéanamh go bádhach, go
milis-bhriathrach agus go so-mheanmnach.
Caithfeam-ne féachaint chuige go
bhfuighidh aos óg ár dtíre-ne oideachas
oireamhnach. Caithfeam a chur 'na
luighe ar áithreachaibh is ar máithreachaibh
cloinne, go bhfuil sé de dhualgus
ortha i láthair Dé féachaint chuige go
bhfuighidh a gclann an tabhairt suas a
fhóghnfaidh chun Éireannaigh is chun
Gaedhil i ndáiríribh a dhéanamh dhíobh.