Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Tar éis an mhillte
Title
Éire - Tar éis an mhillte
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Tríomhadh Ceann Déag Tar éis an mhillte. Má bhí fuadar cogaidh is buannachta fá Éirinn ar feadh chúig chéad bliadhain roimh aimsir an Ríogh Diar- maid, ghabh machtnamh eile a chlann as súd amach, agus do b'é an machtnamh é nách bhfuil sa tsaoghal so acht neamh-nídh. Ghabh an smuaineadh soin ó chroidhe go croidhe is ó bhéal go béal, gur las sé intinn is aigne mór-chuid de sna hÉireannachaibh le n-a leithéid sin do dhiadhaidhtheacht is de theas-ghrádh creidimh gur chosmhail a lán de naomhaibh Éireann leis an dá apstal déag. Ní raibh Éire, dar leo, fairsing a dóthain dóibh. Bhí an domhan mór lasmuich ag feitheamh leis an dteagasc, agus do b'annamh d'fhágadh long seoil cuanta na hÉire- eann gan ualach sagart ag brostughadh thar na huiscibh. Chuireadar fútha an creideamh Críostaidhe do scaipeadh ar faid na hEorpa agus i bhfad níos sia ó bhaile, agus ní dóich liom go raibh aon tír eile dá hoireadh ar domhan ba dhuthrachtaighe i mbun ghnótha Dé ar feadh dhá chéad bliadhan 'na dhiaidh súd 'ná Éire. Do mhothuigh an Bhreatain is tíortha na hEorpa buillí troma ríghthe cogaidh na Teamhrach, agus bhí claidhmhthe na hÉireann ag coscairt láimh leis na hAlpaibh. Do mheil is do bhris Niall Naoi-nGiallach na Rómhánaigh féin ar thír na hEorpa, agus deirthear gur ar a thuras go cathair na Róimhe bhí Daithí nuair do mhairbh an chaor é. Ní fonn de'n tsaghas soin do bhí ar na hÉireann- achaibh eile seo an chreidimh nua. Chaitheadar so uatha an claidheamh agus láimhsigheadar an chrois. Thrialladar leo imeasc chinidheacha fiadháine, gan biadh gan deoch, ar lorg anam do Fhlaitheamhnas. Níor chuir síon ná sneachta cosc leo, níor mhoilligh aibhne ná cnuic ná coillte iad, i n-ocras agus i n-anró do chraobhscaoil- eadar céasadh an tSlánuightheora. Níor éirigh a dturas chomh socair leo is d'eireochadh i nÉirinn. Ní raibh ríghthe na hEorpa chomh réidh is chomh deagh- mhéinneach leo is bhíodh ríghthe na Teamhrach nár chuir riamh cosc leis an gcreideamh. Chuir ríghthe is taoisigh fhiadhaine na hEorpa chum báis a n-iomad de shagartaibh ó Éirinn agus do thiomáineadar a lán eile aca ar siubhal thar a dteorannaibh. Is le duadh is le cuid fola mórán aca do cuireadh síol an chreidimh ins na tíorthaibh allta úd, acht is leis an Eaglais do bhaineann stair a mbeatha, agus gidh gur mór an ceann suas d'Éirinn iad, mar sin féin, is beag an bhaint atá ag stair na hÉireann le n-a n-imtheachaibh i dtíorthaibh coigcríocha. Thugadar súd a gcuid saothair ar son na dtíortha eile sin, mhúineadar lasmuich an t-eolas do fuaradar i nÉirinn, agus ní bhfuair Éire aon chúiteamh as. Bhí Éire go foirtil i bhfearaibh léighinn ó'n gcúigeadh go dtí an t-ochtmhadh aois, agus muna mbeadh iad do bheadh léigheann is eolas curtha i n-éag ar thír mhóir na hEorpa an uair sin, mar thuit Impireacht na Rómh- ánach as a chéile le n-a droch-chleachtaibh féin, agus ní raibh sé i n-ann í féin do chosaint feasta ar thuargain chinidheacha fiadhaine an tuaiscirt do bhris isteach uirthi is do scrios í. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services