Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Tar éis an mhillte

Title
Éire - Tar éis an mhillte
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



An Tríomhadh Ceann Déag



Tar éis an mhillte.



Má bhí fuadar cogaidh is buannachta fá Éirinn ar
feadh chúig chéad bliadhain roimh aimsir an Ríogh Diar-
maid, ghabh machtnamh eile a chlann as súd amach, agus do
b'é an machtnamh é nách bhfuil sa tsaoghal so acht
neamh-nídh. Ghabh an smuaineadh soin ó chroidhe go
croidhe is ó bhéal go béal, gur las sé intinn is aigne
mór-chuid de sna hÉireannachaibh le n-a leithéid sin do
dhiadhaidhtheacht is de theas-ghrádh creidimh gur chosmhail
a lán de naomhaibh Éireann leis an dá apstal déag.
Ní raibh Éire, dar leo, fairsing a dóthain dóibh. Bhí an
domhan mór lasmuich ag feitheamh leis an dteagasc,
agus do b'annamh d'fhágadh long seoil cuanta na hÉire-
eann gan ualach sagart ag brostughadh thar na
huiscibh. Chuireadar fútha an creideamh Críostaidhe
do scaipeadh ar faid na hEorpa agus i bhfad níos sia ó
bhaile, agus ní dóich liom go raibh aon tír eile dá hoireadh
ar domhan ba dhuthrachtaighe i mbun ghnótha Dé ar feadh
dhá chéad bliadhan 'na dhiaidh súd 'ná Éire.



Do mhothuigh an Bhreatain is tíortha na hEorpa buillí
troma ríghthe cogaidh na Teamhrach, agus bhí claidhmhthe na
hÉireann ag coscairt láimh leis na hAlpaibh. Do
mheil is do bhris Niall Naoi-nGiallach na Rómhánaigh
féin ar thír na hEorpa, agus deirthear gur ar a thuras go
cathair na Róimhe bhí Daithí nuair do mhairbh an chaor é.



Ní fonn de'n tsaghas soin do bhí ar na hÉireann-
achaibh eile seo an chreidimh nua. Chaitheadar so uatha
an claidheamh agus láimhsigheadar an chrois. Thrialladar
leo imeasc chinidheacha fiadháine, gan biadh gan deoch,
ar lorg anam do Fhlaitheamhnas. Níor chuir síon ná
sneachta cosc leo, níor mhoilligh aibhne ná cnuic ná
coillte iad, i n-ocras agus i n-anró do chraobhscaoil-
eadar céasadh an tSlánuightheora. Níor éirigh a
dturas chomh socair leo is d'eireochadh i nÉirinn. Ní
raibh ríghthe na hEorpa chomh réidh is chomh deagh-
mhéinneach leo is bhíodh ríghthe na Teamhrach nár chuir
riamh cosc leis an gcreideamh.



Chuir ríghthe is taoisigh fhiadhaine na hEorpa chum báis
a n-iomad de shagartaibh ó Éirinn agus do thiomáineadar
a lán eile aca ar siubhal thar a dteorannaibh. Is le
duadh is le cuid fola mórán aca do cuireadh síol an
chreidimh ins na tíorthaibh allta úd, acht is leis an
Eaglais do bhaineann stair a mbeatha, agus gidh gur mór
an ceann suas d'Éirinn iad, mar sin féin, is beag an
bhaint atá ag stair na hÉireann le n-a n-imtheachaibh
i dtíorthaibh coigcríocha.



Thugadar súd a gcuid saothair ar son na dtíortha
eile sin, mhúineadar lasmuich an t-eolas do fuaradar
i nÉirinn, agus ní bhfuair Éire aon chúiteamh as.



Bhí Éire go foirtil i bhfearaibh léighinn ó'n gcúigeadh
go dtí an t-ochtmhadh aois, agus muna mbeadh iad do
bheadh léigheann is eolas curtha i n-éag ar thír mhóir na
hEorpa an uair sin, mar thuit Impireacht na Rómh-
ánach as a chéile le n-a droch-chleachtaibh féin, agus ní raibh
sé i n-ann í féin do chosaint feasta ar thuargain
chinidheacha fiadhaine an tuaiscirt do bhris isteach uirthi
is do scrios í.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services