Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Camán, camóg is peil
Title
Camán, camóg is peil
Author(s)
Oscar na Féinne,
Pen Name
Oscar na Féinne
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Camán, Camóg, is Peil Tá an oiread soin fuireann lúith- chleasann ar fuaid na dúthaighe anois ná tagann linn trácht annso ar chion a haon sa chéad díobh, acht déanfam ár ndícheall rud éigin a rádh i dtaobh na gcomórtaisí is suimeamhla. Bhí togha Chonntae an Chláir ag imirt Dia Domhnaigh i gcoinne rogha Thiobrad Árann, ar an gcamán, i bPáirc an Aonaigh i Luimneach. Níor mhiste leogain do mhuinntir Chill na Mhóna cúram an tsoláthair do ghlacadh, mar bhuadhadar caoch ar fhuirinn an mhór-chonntae. Acht níor ráinig le muinntir Chill Ruis an chraobh do bhreith leo ar bualadh peile ó sna gaiscidh- ighibh do tháinig ina n-aghaidh ó Thiobrad Árann. Curadhmíora na Mumhan (corn le haghaidh imirt an pheile agus corn le haghaidh iománaidheachta) a bhí dá bpléidhe aca. Togha ríoghachta
Chiarraidhe anois i gcoinne curadh Chorcaighe. Ní sos do sna fóirnibh camóige é. Bhí iománaidheacht ann Lá Fhéile Pádraig idir na Céitinnigh agus meitheal ó Dhundroma, agus fuair muinntir na cathrach an chraobh. Comórtas cleachta idir fuireann eile ó'n mbaile sin agus daltaibh Sheathrúin an Domhnach so d'imthigh thorainn, agus súgradh eile idir dhaltaibh na hÁrd-Chraoibhe agus de Chraoibh Ratha Maighne. Chuaidh dhá líon imeartha ó'n gCathair síos go Baile an tSean-Chaisleáin seachtmhain ó shoin - lucht buaidhte cheannais Átha Cliath 1904 agus Cumann Chiceam. Rug gach dream díobh an báire ortha so a tharla ina gcoinnibh. .i. gaiscidhigh Cabháin agus na Midhe. Táid na comórtais i gcomhair bairr gach conntae fé leith ar lán- tsiubhal gach Domhnach fé láthair. Oscar na Féinne
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services