Camán, Camóg, is Peil
Tá an oiread soin fuireann lúith-
chleasann ar fuaid na dúthaighe anois
ná tagann linn trácht annso ar chion
a haon sa chéad díobh, acht déanfam
ár ndícheall rud éigin a rádh i dtaobh
na gcomórtaisí is suimeamhla.
Bhí togha Chonntae an Chláir ag
imirt Dia Domhnaigh i gcoinne rogha
Thiobrad Árann, ar an gcamán, i
bPáirc an Aonaigh i Luimneach. Níor
mhiste leogain do mhuinntir Chill na
Mhóna cúram an tsoláthair do ghlacadh,
mar bhuadhadar caoch ar fhuirinn an
mhór-chonntae. Acht níor ráinig le
muinntir Chill Ruis an chraobh do bhreith
leo ar bualadh peile ó sna gaiscidh-
ighibh do tháinig ina n-aghaidh ó Thiobrad
Árann. Curadhmíora na Mumhan
(corn le haghaidh imirt an pheile agus
corn le haghaidh iománaidheachta) a bhí
dá bpléidhe aca. Togha ríoghachta
Chiarraidhe anois i gcoinne curadh
Chorcaighe.
Ní sos do sna fóirnibh camóige é.
Bhí iománaidheacht ann Lá Fhéile
Pádraig idir na Céitinnigh agus meitheal
ó Dhundroma, agus fuair muinntir na
cathrach an chraobh. Comórtas cleachta
idir fuireann eile ó'n mbaile sin agus
daltaibh Sheathrúin an Domhnach so
d'imthigh thorainn, agus súgradh eile idir
dhaltaibh na hÁrd-Chraoibhe agus de
Chraoibh Ratha Maighne.
Chuaidh dhá líon imeartha ó'n gCathair
síos go Baile an tSean-Chaisleáin
seachtmhain ó shoin - lucht buaidhte
cheannais Átha Cliath 1904 agus Cumann
Chiceam. Rug gach dream díobh an
báire ortha so a tharla ina gcoinnibh.
.i. gaiscidhigh Cabháin agus na Midhe.
Táid na comórtais i gcomhair
bairr gach conntae fé leith ar lán-
tsiubhal gach Domhnach fé láthair.
Oscar na Féinne