Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Féachaint Siar agus Féachaint Romhainn
Title
Féachaint Siar agus Féachaint Romhainn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Márta 25, 1905. FÉACHAINT SIAR AGUS FÉACH- AINT ROMHAINN. Tá urmhór de'n ghleo is de'n ghlithireán a bhaineas le Seachtmhain na Gaedhilge i leath-taoibh anois. Tá soin amhlaidh i mBaile Átha Cliath pé scéal é. Níl críoch ar an obair fá'n dtuaith fós, mar is anois atáthar go bruideamhail ag bailiughadh an díoscáin ina lán d'áiteannaibh. Giollaí Gallda Oifige an Phuist fá ndeara so. Do chuireadar a ndubh- shlán fá Chonnradh na Gaedhilge. Mheasadar gur dream suarach sinn. D'éirigheadar go buigéiseach 'nár gcoinnibh agus dheineadar a ndícheall ar bhob a bhualadh orainn. Acht níor éirigh leo, a Ghaedheala, ina ionad soin is amhlaidh a chuireadh i n-umhar na haimléise iad féin agus níl lá dá ngabhann tharainn ná go bhfuilid dá dtromadh féin nísa dhoimhne ann. A chonach soin ortha. Anois, a Ghaedheala, do réir an tsean-fhocail “tar a éis is eadh chítear gach beart,” agus ó táimíd-ne d'éis bearta a dhéanamh b'fhéidir nár mhisde dhúinn súil-fhéachaint a chaitheamh siar agus breathnughadh go cruinn agus go mion orainn féin is ar ár saothar. Stadadh gach éinne ar feadh scathaimh agus déinimís sinn féin a scrúdughadh. Tá ceachta le foghluim as an scrúdughadh so, ceachta a raghadh chun tairbhthe dhúinn san am atá ag teacht. An ceart dúinn móráil a bheith orainn i dtaobh mar atá éirghthe linn go dtí so? An bhfuil críoch ar ár ndualgas do naomh-phátrún ár dtíre is dá lá fhéile fós? Ar fhágamair-ne éin-nídh gan déanamh 'na chomhair i mbliadhna? Má fhágamair cuirtear síos é, i dtreo ná sleamhnóchaidh cuimhne air uainn i gcomhair na bliadhna so chughainn. Tá a chion féin de'n tsaothar a bhaineas le haiséirghe na Gaedhilge ar gach duine fá leith againn. Ar choimh- líon gach éinne againn a dhualgas i rith Seachtmhaine na Gaedhilge? Ar deineadh éan-tuaplais? Ar fágadh puintí gan déanamh nó nídhthe gan air a thabhairt dóibh? An bhféadfaidhe an gnó a dhéanamh ní b'fhearr? Nuair atá deireadh leis an bhféach- aint siar, caithimís tamall ag féach- aint romhainn agus ag déanamh comhairle i dtaobh an ghnó atá 'nár leith. Macht- nuighmís ar mhéid an ghnó, ar a liacht rudaí atá ann le déanamh, agus ar a laighead aimsire atá chúcha .i. má's áil linn créachta uathbhásacha Fódla ár ngrádh a shlánugadh. As an machtnamh so go léir — agus is tairbhtheach an rud é 'dhéanamh — tioc- faidh rún comhairle amháin i mbun 's i mbárr gach nídh eile, 'sé sin, go gcaithfimíd claoidhe le chéile go toil- eamhail agus go díograiseach. Ar son onóra na hÉireann, a Ghaedheala, ar son bhur leasa agus bhur gclú féin, cuiridh bhur nguailne le chéile go muinteardha bádhach. Bíodh muinighin agaibh as a chéile. Bíodh aigne socair againn go léir ar ár gcion a dhéanamh feasta ar son ár dtíre duthchais. Má dhein- tear amhlaidh, ní baoghal dúinn goithí Oifig an Phuist, ná goithí námhaid ar bith eile. Táimíd go tréan cheana féin. Gura seacht bhfearr a bheam bliadhain ó indiu.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services