An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Márta 25, 1905.
FÉACHAINT SIAR AGUS FÉACH-
AINT ROMHAINN.
Tá urmhór de'n ghleo is de'n
ghlithireán a bhaineas le Seachtmhain na
Gaedhilge i leath-taoibh anois. Tá
soin amhlaidh i mBaile Átha Cliath pé
scéal é. Níl críoch ar an obair fá'n
dtuaith fós, mar is anois atáthar go
bruideamhail ag bailiughadh an
díoscáin ina lán d'áiteannaibh.
Giollaí Gallda Oifige an Phuist fá
ndeara so. Do chuireadar a ndubh-
shlán fá Chonnradh na Gaedhilge.
Mheasadar gur dream suarach sinn.
D'éirigheadar go buigéiseach 'nár
gcoinnibh agus dheineadar a ndícheall ar
bhob a bhualadh orainn. Acht níor
éirigh leo, a Ghaedheala, ina ionad
soin is amhlaidh a chuireadh i n-umhar
na haimléise iad féin agus níl lá dá
ngabhann tharainn ná go bhfuilid dá
dtromadh féin nísa dhoimhne ann. A
chonach soin ortha.
Anois, a Ghaedheala, do réir an
tsean-fhocail “tar a éis is eadh
chítear gach beart,” agus ó táimíd-ne
d'éis bearta a dhéanamh b'fhéidir nár
mhisde dhúinn súil-fhéachaint a chaitheamh
siar agus breathnughadh go cruinn agus go
mion orainn féin is ar ár saothar.
Stadadh gach éinne ar feadh scathaimh agus
déinimís sinn féin a scrúdughadh. Tá
ceachta le foghluim as an scrúdughadh
so, ceachta a raghadh chun tairbhthe
dhúinn san am atá ag teacht.
An ceart dúinn móráil a bheith
orainn i dtaobh mar atá éirghthe linn
go dtí so? An bhfuil críoch ar ár
ndualgas do naomh-phátrún ár dtíre
is dá lá fhéile fós? Ar fhágamair-ne
éin-nídh gan déanamh 'na chomhair i
mbliadhna? Má fhágamair cuirtear
síos é, i dtreo ná sleamhnóchaidh
cuimhne air uainn i gcomhair na bliadhna
so chughainn.
Tá a chion féin de'n tsaothar a
bhaineas le haiséirghe na Gaedhilge ar
gach duine fá leith againn. Ar choimh-
líon gach éinne againn a dhualgas i
rith Seachtmhaine na Gaedhilge? Ar
deineadh éan-tuaplais? Ar fágadh
puintí gan déanamh nó nídhthe gan
air a thabhairt dóibh? An bhféadfaidhe
an gnó a dhéanamh ní b'fhearr?
Nuair atá deireadh leis an bhféach-
aint siar, caithimís tamall ag féach-
aint romhainn agus ag déanamh comhairle
i dtaobh an ghnó atá 'nár leith. Macht-
nuighmís ar mhéid an ghnó, ar a liacht
rudaí atá ann le déanamh, agus ar a
laighead aimsire atá chúcha .i. má's áil
linn créachta uathbhásacha Fódla ár
ngrádh a shlánugadh.
As an machtnamh so go léir — agus is
tairbhtheach an rud é 'dhéanamh — tioc-
faidh rún comhairle amháin i mbun 's i
mbárr gach nídh eile, 'sé sin, go
gcaithfimíd claoidhe le chéile go toil-
eamhail agus go díograiseach. Ar son
onóra na hÉireann, a Ghaedheala, ar
son bhur leasa agus bhur gclú féin, cuiridh
bhur nguailne le chéile go muinteardha
bádhach. Bíodh muinighin agaibh as a
chéile. Bíodh aigne socair againn go
léir ar ár gcion a dhéanamh feasta
ar son ár dtíre duthchais. Má dhein-
tear amhlaidh, ní baoghal dúinn goithí
Oifig an Phuist, ná goithí námhaid ar
bith eile. Táimíd go tréan cheana
féin. Gura seacht bhfearr a bheam
bliadhain ó indiu.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11