Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Lúith-Chleasa na nGaedheal
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Lúith-Chleasa na nGaedheal
Author(s)
Oscar na Féinne,
Pen Name
Oscar na Féinne
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Lúith-Chleasa na nGaedheal Ó's go bhfuil gach nídh a bhaineann le ceart leis an nGaedhealtacht ag dul chun cinn go tiugh tréan mar aon le cúrsaibh na teangan agus leis an mbeath- aidh Ghaedhealaigh tá beartuighthe ag- ainn áis do dhéanamh de chúinne éigin fé leith, pé beag é, de'n gCLAIDH- EAMH SOLUIS gach seachtmhain, chun cur síos ar imeachtaibh lúith- chleasann na hÉireann, mar atá, cluichidhe iomána, peile*, camóguidh- eachta, liathróide baise, &rl. San bhfóidín seo atá againn 'á fhágháil ó'n bhfear eagair chun súgraidh, is beag caoi a bheidh againn chun teacht thar na cluichibh go léir, acht ar a shon san tá sealbh againn 'a ghlacadh le fonn, agus b'fhéidir go bhfaighmís athrughadh a dhéanamh fós ar an sean-fhocal agus go mbeadh sé againn le rádh, “Ní lugha an fhrigh 'ná máthair na maitheasa”. Bhí na mílte dalta de Chumann na Lúith-Chleasa san Mór-Thuras Domhnach na Gaedhilge is ba mhaith é a gcon- gnamh ag láthair an Mhargaidh ag riar na sluagh, féibh mar a rinneadar ar an tsochraid tamall ó shoin. Is mór an treis atá tagtha ar lucht leanta na Camóguidheachta le diadh- naighe. Ní ró-fhada ó shoin ná raibh aca so a cheap an cluiche (cailíní Chraoibhe an Chéitinnigh) éan-fhuireann eile chun imeartha ina gcoinnibh, acht ní mar sin dóibh anois — tá buidhne go leor i nÁth Claith, gan trácht ar fóirnibh ar fuaid na tíreach agus thar lear. Táid na riagh- lacha i gcló agus bhí tionól teachtairí coidhcigheas ó shoin chun an scéil a chur i gcrích. Máire Ní Chinnéide ba bhun leis an obair ó thúis, agus ise atá ina ceann comhairle ar an gCumann. Cá beag san mar dheimhin ar obair? *peil, football Oscar na Féinne
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services