Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Lúith-Chleasa na nGaedheal

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Lúith-Chleasa na nGaedheal
Author(s)
Oscar na Féinne,
Pen Name
Oscar na Féinne
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Lúith-Chleasa na nGaedheal



Ó's go bhfuil gach nídh a bhaineann le
ceart leis an nGaedhealtacht ag dul
chun cinn go tiugh tréan mar aon le
cúrsaibh na teangan agus leis an mbeath-
aidh Ghaedhealaigh tá beartuighthe ag-
ainn áis do dhéanamh de chúinne éigin
fé leith, pé beag é, de'n gCLAIDH-
EAMH SOLUIS gach seachtmhain,
chun cur síos ar imeachtaibh lúith-
chleasann na hÉireann, mar atá,
cluichidhe iomána, peile*, camóguidh-
eachta, liathróide baise, &rl. San
bhfóidín seo atá againn 'á fhágháil ó'n
bhfear eagair chun súgraidh, is beag
caoi a bheidh againn chun teacht thar na
cluichibh go léir, acht ar a shon san tá
sealbh againn 'a ghlacadh le fonn, agus
b'fhéidir go bhfaighmís athrughadh a
dhéanamh fós ar an sean-fhocal agus go
mbeadh sé againn le rádh, “Ní lugha
an fhrigh 'ná máthair na maitheasa”.



Bhí na mílte dalta de Chumann na
Lúith-Chleasa san Mór-Thuras Domhnach
na Gaedhilge is ba mhaith é a gcon-
gnamh ag láthair an Mhargaidh ag riar
na sluagh, féibh mar a rinneadar ar
an tsochraid tamall ó shoin.



Is mór an treis atá tagtha ar lucht
leanta na Camóguidheachta le diadh-
naighe. Ní ró-fhada ó shoin ná raibh aca
so a cheap an cluiche (cailíní Chraoibhe
an Chéitinnigh) éan-fhuireann eile chun
imeartha ina gcoinnibh, acht ní mar sin
dóibh anois — tá buidhne go leor i nÁth
Claith, gan trácht ar fóirnibh ar fuaid
na tíreach agus thar lear. Táid na riagh-
lacha i gcló agus bhí tionól teachtairí
coidhcigheas ó shoin chun an scéil a chur
i gcrích. Máire Ní Chinnéide ba bhun
leis an obair ó thúis, agus ise atá ina
ceann comhairle ar an gCumann. Cá
beag san mar dheimhin ar obair?



*peil, football



Oscar na Féinne

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services