Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Turas an Domhnaigh
Title
Turas an Domhnaigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Márta 18, 1905. Turas an Domhnaigh. Beir buaidh agus beannacht, a Ghaedheala na hÉireann! Tá an bhuaidh linn gan amhras. Bímís go díleas deagh-rúin. Claoidhimís le chéile, agus beidh an lá linn. Ní dócha gur gábhadh dhúinn breis a rádh mar gheall ar an dtabhairt amach a bhí ag Connradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath Dia Domhnaigh. Do bhuaidh sé ar gach a bhfeacamair go dtí so. Bhí sé thar bárr ar fad, is ní hag maoidheamh as dúinn. Cad do bhí ar fagháil ann? Bhí na Gaedhil agus a mbaineann leo ann. Bhí Uachtarán Chonnartha na Gaedhilge ann, agus é go buacach agus go meanmnach fá mar is gnáth leis. Bhí Árd-Easpog Bhaile Átha Cliath ann chun an chomhairle a thabhairt dúinn agus chun an meas atá **aige orainn agus** ar an obair atá ar láimh againn do chur i n-umhail. Is fada go n-imtheochaidh cuimhne ar éachtaibh an lae úd. Acht 'na fhochair seo go léir do fuarthas ionad ann do chleasaibh lúith, do cheol, do dhéantúsaibh agus dá lán nach iad a bhaineann le Gaedhealaibh. Ba bhreagh go léir an radharc é, na sluaighte daoine, na brataigh áilne, na pictiúirí céirde, agus na somplaí déan- tús mar do ghabhadar go céim- mhaordha 'na líne fhada chaoil tré lár an sráideann i mBaile Átha Cliath. Ba bhreagh an radharc é go deimhin. Cuirfidh sé misneach ionnainn i gcomh- air na bliadhna atá chughainn. Tá adhbhar áthais againn a Ghaedheala, preabaimís go croidheamhail aigeanta. “Tá lámh Dé san obair” agus tá an báire linn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services