An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Márta 18, 1905.
Turas an Domhnaigh.
Beir buaidh agus beannacht, a Ghaedheala
na hÉireann! Tá an bhuaidh linn gan
amhras. Bímís go díleas deagh-rúin.
Claoidhimís le chéile, agus beidh an lá linn.
Ní dócha gur gábhadh dhúinn breis a
rádh mar gheall ar an dtabhairt amach
a bhí ag Connradh na Gaedhilge i mBaile
Átha Cliath Dia Domhnaigh. Do bhuaidh
sé ar gach a bhfeacamair go dtí so.
Bhí sé thar bárr ar fad, is ní hag
maoidheamh as dúinn.
Cad do bhí ar fagháil ann? Bhí na
Gaedhil agus a mbaineann leo ann. Bhí
Uachtarán Chonnartha na Gaedhilge ann,
agus é go buacach agus go meanmnach fá mar
is gnáth leis. Bhí Árd-Easpog Bhaile
Átha Cliath ann chun an chomhairle a
thabhairt dúinn agus chun an meas atá
**aige orainn agus** ar an obair atá ar
láimh againn do chur i n-umhail. Is
fada go n-imtheochaidh cuimhne ar
éachtaibh an lae úd.
Acht 'na fhochair seo go léir do
fuarthas ionad ann do chleasaibh lúith,
do cheol, do dhéantúsaibh agus dá lán nach
iad a bhaineann le Gaedhealaibh. Ba
bhreagh go léir an radharc é, na
sluaighte daoine, na brataigh áilne, na
pictiúirí céirde, agus na somplaí déan-
tús mar do ghabhadar go céim-
mhaordha 'na líne fhada chaoil tré lár
an sráideann i mBaile Átha Cliath.
Ba bhreagh an radharc é go deimhin.
Cuirfidh sé misneach ionnainn i gcomh-
air na bliadhna atá chughainn. Tá
adhbhar áthais againn a Ghaedheala,
preabaimís go croidheamhail aigeanta.
“Tá lámh Dé san obair” agus tá an
báire linn.