Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Milleadh na hÉIreann (ar leanamhaint)
Title
Éire - Milleadh na hÉIreann (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Dara Ceann Déag Milleadh na hÉireann. (ar leanamhaint) Riaghluigh Diarmaid Mac Cearbhaill Éire ar feadh fiche bliadhan agus gidh gur ba rí láidir buan-seasmhach misneamhail é, ní raibh sé 'na chumas Éire do chneas- ughadh, mar bhí gach cuirptheach is fear uallach ag éirghe 'na aghaidh, 'gá rádh gur threise Ruadhán agus na manaigh 'ná eisean! Nuair do leomhthaoi a leithéid sin de chainnt i nÉirinn, gan aon amhras bhí cumhacht na Teamhrach briste, agus briseadh Éire le n-a cois. Nuair do tháinig na Lochlannaigh dhá chéad bliadhain 'na dhiaidh súd dhoigheadar na mainistrighe, is mharbhuigheadar na mná is na leinbh. Cá raibh claidheamh ríogh na Teamhrach an uair sin? — an claidheamh do crothadh go dán i n-aghaidh na Romhánach ar feadh cheithre chéad bliadhain? Bhí a easnamh an uair seo chum na hÉireann agus na hEaglaise do chosnamh ar an namhaid. Tá toradh na mallachtan úd do bhris an Teamhair ag goilleamhaint ar Éirinn ó shoin. Tháinig an Lochlannach 'gá claoidhe is an Normánach is an Sasanach 'gá scrios; fuair an sagart is an bráthair bás obann; fuair an t-óg is an críonna an chroch, mar briseadh an buinne do chongaibh an tír le chéile. Is é Naomh Ruadhán do chaith an saighead mhillteach úd do laguidh cumhacht a Áird-Ríogh féin is do scaoil Éire 'na codaibh, gach cuid di ag achrann leis an gcuid eile go dtáinig an namhaid 'na measc. Ní raibh 'fhios ag an naomh cad iad na tubaistí do thiocfadh as a shaothar. Mheas sé tuisleadh do bhaint as an rígh mar shíligh sé gur thuill sé é, agus b'uathbhásach an toisc d'Éirinn é. Níor thug Diarmaid Mac Cearbhaill a chúl ar an dTeamhair gidh go raibh eascainne an naoimh uirthi. I n-ionad congnamh do thabhairt dó mar ba cóir, is eadh do dheighil a thaoisigh uaidh ceann ar ceann agus do thuit sé fá dheireadh le sleigh taoisigh i Muighlinne Thuaidh i nUltaibh ag iarraidh a thíre d'fhuinneadh agus do shnadhmadh i n-aon treibh dhaingin dhlúith amháin. Dá n-éirigheadh leis is deárthach go mbeadh Éire 'na ceann ar an mBreatain. Chaill sí an fhaill sin agus ní bhfuair sí riamh ó shoin í. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services