Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Milleadh na hÉIreann (ar leanamhaint)

Title
Éire - Milleadh na hÉIreann (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



An Dara Ceann Déag



Milleadh na hÉireann.
(ar leanamhaint)



Riaghluigh Diarmaid Mac Cearbhaill Éire ar feadh
fiche bliadhan agus gidh gur ba rí láidir buan-seasmhach
misneamhail é, ní raibh sé 'na chumas Éire do chneas-
ughadh, mar bhí gach cuirptheach is fear uallach ag
éirghe 'na aghaidh, 'gá rádh gur threise Ruadhán agus na
manaigh 'ná eisean! Nuair do leomhthaoi a leithéid
sin de chainnt i nÉirinn, gan aon amhras bhí cumhacht na
Teamhrach briste, agus briseadh Éire le n-a cois. Nuair
do tháinig na Lochlannaigh dhá chéad bliadhain 'na dhiaidh
súd dhoigheadar na mainistrighe, is mharbhuigheadar
na mná is na leinbh. Cá raibh claidheamh ríogh na
Teamhrach an uair sin? — an claidheamh do crothadh go
dán i n-aghaidh na Romhánach ar feadh cheithre chéad
bliadhain? Bhí a easnamh an uair seo chum na hÉireann
agus na hEaglaise do chosnamh ar an namhaid.



Tá toradh na mallachtan úd do bhris an Teamhair ag
goilleamhaint ar Éirinn ó shoin. Tháinig an Lochlannach
'gá claoidhe is an Normánach is an Sasanach 'gá
scrios; fuair an sagart is an bráthair bás obann;
fuair an t-óg is an críonna an chroch, mar briseadh an
buinne do chongaibh an tír le chéile. Is é Naomh
Ruadhán do chaith an saighead mhillteach úd do laguidh
cumhacht a Áird-Ríogh féin is do scaoil Éire 'na
codaibh, gach cuid di ag achrann leis an gcuid eile go
dtáinig an namhaid 'na measc. Ní raibh 'fhios ag an
naomh cad iad na tubaistí do thiocfadh as a shaothar.
Mheas sé tuisleadh do bhaint as an rígh mar shíligh sé
gur thuill sé é, agus b'uathbhásach an toisc d'Éirinn é.



Níor thug Diarmaid Mac Cearbhaill a chúl ar an
dTeamhair gidh go raibh eascainne an naoimh uirthi.
I n-ionad congnamh do thabhairt dó mar ba cóir, is
eadh do dheighil a thaoisigh uaidh ceann ar ceann agus do
thuit sé fá dheireadh le sleigh taoisigh i Muighlinne
Thuaidh i nUltaibh ag iarraidh a thíre d'fhuinneadh agus do
shnadhmadh i n-aon treibh dhaingin dhlúith amháin. Dá
n-éirigheadh leis is deárthach go mbeadh Éire 'na
ceann ar an mBreatain. Chaill sí an fhaill sin agus ní
bhfuair sí riamh ó shoin í.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services