Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann agus Oideachas
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann agus Oideachas
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Léigheann agus Oideachas Árd-Sgoil Gaedhealach Cuireadh sa bhliadhain 1854 Árd- Sgoil Chaitilicidhe ar bun i mBaile Átha Cliath taréis £200,000 a bhail- iughadh 'na cóir. Tugadh isteach san Árd-Sgoil, mar ollamhna, na sgoláirí ba léigheanta do b'fhéidir a dh'fhágháil amuich ná i mbaile. Má bhí eagna agus eolus agus fuamaint agus uaisleacht ag baint le haon bhuidhean fear a sheasaimh i n-aon-láthair i nÉirinn ó chuir an Normánach a chos ann, is leis na hollamhna soin a bhaineadar. Chrom- adar ar an obair, agus tháinig na mic léighinn isteach chucha, a ndóthain mhór díobh. Acht bhí aon easnamh amháin ortha. Gan ughdaras ó'n Riaghaltas ní fhéadfadís céimeanna foghluma a thabhairt uatha, agus d'éitigh an Riaghaltas fé'n ughdarás soin iad. D'iarradar arís agus arís é. Ní raibh le fagháil acu acht an t-eiteachas. Bhí dhá Árd-Sgoil eile i nÉirinn san am san, agus an t-ughdarás soin acu, .i. Árd-Sgoil Choláisde na Tríonóide agus Árd-Sgoil na Banríoghna. Ní fhéach- fadís sin riar ar an Árd-Sgoil Chaitilicidhe, acht thugadar cos fúithe ins gach aon chuma d'fhéadadar é. Acht fuarthas an ghaoth ó aon áird amháin ortha. Tá comhalatas dochtúirí go dtugtar Coláisde na Liagh ortha, agus tá sé de cheart acu soin ughdarás a thabhairt d'aon sgoil is maith leo chun céimeanna dochtúireachta a bhronnadh ar na macaibh léighinn. Fuair an Árd-Sgoil Chaitilicidhe an t-ughdarás soin uatha, agus 'sé crích agus deireadh an sgéil é gur b'shin ar fhan de thuairisg na hÁrd-Sgoile againn. Ní fuarach é an méid sin féin, arsa thusa, agus is fiú an costas é, cé gur mór an mám airgid £200,000. Acht má dhein easba ughdaráis a leithéid sin de bhárrthan do'n Árd-Sgoil Chaitlicidhe úd, ná déanfadh an easba chéadna an bárrthan céadna arís? Ní hionann cás dúinn, amh- thuigh, anois agus ins an aimsir sin. Tá, mar aon nídh amháin, sprid insa phobul Ghaedhealach anois ná raibh an uair úd. Tá arís an Árd-Sgoil Ríoghdha a cuireadh ar bun sa bhliadhain 1879, agus pé áit go ndéanfadh duine a stuidéar gheobhadh sé ó'n Árd-Sgoil Ríoghdha na céimeanna a thógfadh sé de bhárr sgrúduighthe. Má seadh, ní fheicim gur'b aon taca dhúinn ughdarás na hÁrd-Sgoile sin. Táthar 'ghá rádh le bliadhain nú dhó nár cheart dá leithéid a bheith i n-aon chor ann, ó nach Coláisde ná sgoil í, acht bórd, nú comhaltas, chun sgrúduighthe. Má tá an Árd-Sgoil Ríoghdha indiu ann níl aon áirighthe againn go mbeidh sí ann bliadhain ó indiu. Taréis gach beart is ar an bpobul Ghaedhealach atá ár seasamh, agus muna seasuighidh an pobul Gaedhealach linn bheadh sé chomh maith againn tabhairt suas i n-am. B'é an mí-fhoirtiún ar fad do'n mhuinntir a chuir an Árd-Sgoil Chaitilicidhe ar bun gur mheath an pobul Gaedhealach ortha. Thiocfadís ós gach aon nídh eile acht uaidh sin. Ní dóigh liom go mbeadh an pobul atá suas anois chomh faillightheach soin i nÁrd-Sgoil, acht ba mhaith liom áirighthe bheith agam, i dtosach báire, go seasóch' an pobul liom. 'Sé a mbeadh d'áirighthe uaim, go ngeallfadh gach aon bhórd phuiblidhe, agus gach aon bhuidhean Ghaedhealach, ná beadh cuid ná páirt acu leis na Coláisdíbh Gallda, ná le haoinne a thiocfadh asta ó'n lá soin amach, agus ná tabharfaidís beart, ná ughdarás, ná onóir phuiblidhe d'aoinne acu, pé acu Gaedheal nú Gall é. Bheadh soin dian ortha gan amhras, acht caithfimíd ár gceart féin a phléidh amach. Feargus Finnbhéil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services