Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann agus Oideachas

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann agus Oideachas
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Léigheann agus Oideachas



Árd-Sgoil Gaedhealach



Cuireadh sa bhliadhain 1854 Árd-
Sgoil Chaitilicidhe ar bun i mBaile
Átha Cliath taréis £200,000 a bhail-
iughadh 'na cóir. Tugadh isteach san
Árd-Sgoil, mar ollamhna, na sgoláirí
ba léigheanta do b'fhéidir a dh'fhágháil
amuich ná i mbaile. Má bhí eagna agus
eolus agus fuamaint agus uaisleacht ag
baint le haon bhuidhean fear a sheasaimh
i n-aon-láthair i nÉirinn ó chuir an
Normánach a chos ann, is leis na
hollamhna soin a bhaineadar. Chrom-
adar ar an obair, agus tháinig na mic
léighinn isteach chucha, a ndóthain mhór
díobh. Acht bhí aon easnamh amháin
ortha. Gan ughdaras ó'n Riaghaltas
ní fhéadfadís céimeanna foghluma a
thabhairt uatha, agus d'éitigh an Riaghaltas
fé'n ughdarás soin iad. D'iarradar
arís agus arís é. Ní raibh le fagháil acu
acht an t-eiteachas.



Bhí dhá Árd-Sgoil eile i nÉirinn san
am san, agus an t-ughdarás soin acu, .i.
Árd-Sgoil Choláisde na Tríonóide agus
Árd-Sgoil na Banríoghna. Ní fhéach-
fadís sin riar ar an Árd-Sgoil
Chaitilicidhe, acht thugadar cos fúithe
ins gach aon chuma d'fhéadadar é.
Acht fuarthas an ghaoth ó aon áird
amháin ortha. Tá comhalatas dochtúirí
go dtugtar Coláisde na Liagh ortha,
agus tá sé de cheart acu soin ughdarás a
thabhairt d'aon sgoil is maith leo chun
céimeanna dochtúireachta a bhronnadh
ar na macaibh léighinn. Fuair an
Árd-Sgoil Chaitilicidhe an t-ughdarás
soin uatha, agus 'sé crích agus deireadh an
sgéil é gur b'shin ar fhan de thuairisg
na hÁrd-Sgoile againn.



Ní fuarach é an méid sin féin, arsa
thusa, agus is fiú an costas é, cé gur
mór an mám airgid £200,000. Acht
má dhein easba ughdaráis a leithéid
sin de bhárrthan do'n Árd-Sgoil
Chaitlicidhe úd, ná déanfadh an
easba chéadna an bárrthan céadna
arís? Ní hionann cás dúinn, amh-
thuigh, anois agus ins an aimsir sin.
Tá, mar aon nídh amháin, sprid
insa phobul Ghaedhealach anois ná raibh
an uair úd. Tá arís an Árd-Sgoil
Ríoghdha a cuireadh ar bun sa bhliadhain
1879, agus pé áit go ndéanfadh duine a
stuidéar gheobhadh sé ó'n Árd-Sgoil
Ríoghdha na céimeanna a thógfadh sé
de bhárr sgrúduighthe. Má seadh, ní
fheicim gur'b aon taca dhúinn ughdarás
na hÁrd-Sgoile sin. Táthar 'ghá rádh
le bliadhain nú dhó nár cheart dá
leithéid a bheith i n-aon chor ann, ó nach
Coláisde ná sgoil í, acht bórd, nú
comhaltas, chun sgrúduighthe. Má tá
an Árd-Sgoil Ríoghdha indiu ann níl
aon áirighthe againn go mbeidh sí ann
bliadhain ó indiu. Taréis gach beart
is ar an bpobul Ghaedhealach atá ár
seasamh, agus muna seasuighidh an pobul
Gaedhealach linn bheadh sé chomh maith
againn tabhairt suas i n-am.



B'é an mí-fhoirtiún ar fad do'n
mhuinntir a chuir an Árd-Sgoil
Chaitilicidhe ar bun gur mheath an
pobul Gaedhealach ortha. Thiocfadís
ós gach aon nídh eile acht uaidh sin. Ní
dóigh liom go mbeadh an pobul atá
suas anois chomh faillightheach soin i
nÁrd-Sgoil, acht ba mhaith liom
áirighthe bheith agam, i dtosach báire, go
seasóch' an pobul liom. 'Sé a mbeadh
d'áirighthe uaim, go ngeallfadh gach
aon bhórd phuiblidhe, agus gach aon
bhuidhean Ghaedhealach, ná beadh cuid ná
páirt acu leis na Coláisdíbh Gallda,
ná le haoinne a thiocfadh asta ó'n lá
soin amach, agus ná tabharfaidís beart,
ná ughdarás, ná onóir phuiblidhe
d'aoinne acu, pé acu Gaedheal nú
Gall é. Bheadh soin dian ortha gan
amhras, acht caithfimíd ár gceart féin
a phléidh amach.



Feargus Finnbhéil.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services