Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seachtmhain na Gaedhilge
Title
Seachtmhain na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Márta 11, 1905. Seachtmhain na Gaedhilge. Seadh, a mhuinntir na Gaedhilge. Sin bliadhain eile dhínn, agus seo sinn go buacach is go háthasach ag tosnughadh na haithbhliadhna. Is maith linn é 'bheith ar ár gcumas a rádh go bhfuil AN CLAIDHEAMH SOLUIS ag treabhadh chun cinn fá lán-tseoil, agus dár ndeagh- cháirdíbh i ngach éan-áird de'n tír is cóir a bhuidheachas soin. Táthar ag cuidiughadh linn go fonnmhar, agus déan- fam ár ndícheall i gcomhnaidhe chun breis trácht a thuilleamh. 'Sí an tseachtmhain seo chugainn Seachtmhain na Gaedhilge, an t-aon tseachtmhain san mbliadhain i n-a mbíonn Connradh na Gaedhilge ag lorg airgid. Caithid an chuid eile de'n mbliadhain ag obair; agus ní obair gan tairbhe í leis. An bhfuil i dtalamh na hÉireann éan-dream eile atá d'éis an oiread dian-oibre a chur díobh le bliadhain is tá Connradh na Gaedhilge? Féach an obair agus annsoin féach an méid airgid a bhí ann chun na hoibre a dhéanamh. A Ghaedhilgeoir, dein-se do dhualgas a chóimhlíonadh i gcaitheamh Seachtmhain na Gaedhilge. Tá éirighthe linn san gceist i dtaobh lae fhéile Phátrúin ár dtíre. D'éis na bliadhna so beidh ceart-urraim ar an lá úd, fá mar is cóir, ar fud na tíre. Sin obair a thosnuigh an Connradh agus tré chongnamh nár bh'fálta tá sí ag tarraint chun deagh-chríche. Badh chóir go mbeadh áthas agus bród agus éirghe croidhe orainn i dtaobh an chuma 'na bhfuil ag teacht linn. Acht mar adeir an tAthair Peadar, “tá lámh Dé san obair,” tá an ceart ar ár dtaobh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services