Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seachtmhain na Gaedhilge

Title
Seachtmhain na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Márta 11, 1905.



Seachtmhain na Gaedhilge.



Seadh, a mhuinntir na Gaedhilge.
Sin bliadhain eile dhínn, agus seo sinn
go buacach is go háthasach ag tosnughadh
na haithbhliadhna. Is maith linn é 'bheith
ar ár gcumas a rádh go bhfuil AN
CLAIDHEAMH SOLUIS ag treabhadh
chun cinn fá lán-tseoil, agus dár ndeagh-
cháirdíbh i ngach éan-áird de'n tír is
cóir a bhuidheachas soin. Táthar ag
cuidiughadh linn go fonnmhar, agus déan-
fam ár ndícheall i gcomhnaidhe chun
breis trácht a thuilleamh.



'Sí an tseachtmhain seo chugainn
Seachtmhain na Gaedhilge, an t-aon
tseachtmhain san mbliadhain i n-a
mbíonn Connradh na Gaedhilge ag
lorg airgid. Caithid an chuid eile de'n
mbliadhain ag obair; agus ní obair gan
tairbhe í leis. An bhfuil i dtalamh na
hÉireann éan-dream eile atá d'éis
an oiread dian-oibre a chur díobh le
bliadhain is tá Connradh na Gaedhilge?
Féach an obair agus annsoin féach an
méid airgid a bhí ann chun na hoibre a
dhéanamh. A Ghaedhilgeoir, dein-se do
dhualgas a chóimhlíonadh i gcaitheamh
Seachtmhain na Gaedhilge.



Tá éirighthe linn san gceist i dtaobh
lae fhéile Phátrúin ár dtíre. D'éis
na bliadhna so beidh ceart-urraim ar
an lá úd, fá mar is cóir, ar fud na
tíre. Sin obair a thosnuigh an Connradh
agus tré chongnamh nár bh'fálta tá sí ag
tarraint chun deagh-chríche. Badh chóir
go mbeadh áthas agus bród agus éirghe croidhe
orainn i dtaobh an chuma 'na bhfuil ag
teacht linn. Acht mar adeir an tAthair
Peadar, “tá lámh Dé san obair,”
tá an ceart ar ár dtaobh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services