Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Milleadh na hÉireann
Title
Éire - Milleadh na hÉireann
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Dara Ceann Déag Milleadh na hÉireann. Óráit do Dhiarmaid Mac Cearbhaill. Ins an mbliadhain 544 do déineadh Áird-Rí dhe agus do b'eisean an chéad Chríostaidhe do riaghluigh Éire. Do taidhbhreadh do'n Áird-Rígh sin ar a leabaidh sa Teamhair go bhfeacaidh sé crann mór géagach i gcoill. D'fhéach sé le hiongantas ar aoirde is ar reimhreacht an chrainn, acht faid do bhí sé ag féachaint air do tháinig scata fear le tuaghannaibh, do bhuaileadar bun an bhile, do ghearradar é, agus do thuit sé le fuaim do chroth an domhan. Do b'é an bile úd an Teamhair agus do b'iad fir na dtuagh Naomh Ruadhán Lórrtha agus a mhanaigh. Ní fhuil aon tubaiste ó thúis go deireadh i stair na hÉireann is measa 'ná mallacht Naoimh Ruadháin ar an dTeamhair. Níor chuir an tÁird-Rí Diarmaid isteach i n-aon chor ar na manachaibh. Bhí sé go fial agus go muinnteardha leo. Fear láidir aigeanteamhail do b'eadh é go raibh fonn riaghalta air. Le seal roimhe sin bhí na ríghthe cúige agus na taoisigh mhóra ag éirghe chomh neamhspleadhach soin gur gheárr muna mbeadh cuid aca 'gá gcur féin suas is anuas leis an Áird- Rígh féin. Chromadar ar dhúnta daingeana do chur suas ar faid na tíre gan buidheachas d'éinne. Chuir an t-Áird-Rí gairm scoile amach go gcaithfidhe aoirde is leithead shleighe an ríogh bheith i ngach doras dúin is tighe mhóir — 'sé sin le rádh go mbeadh sé riachtanach ar gach uasal cead do thabhairt do theachtaire an ríogh gabháil isteach 's amach i ngach dún i nÉirinn. Chuir sé bollsaire ar siubhal leis an bhfógra soin. Géilleadh do'n bhollsaire go dtáinig sé go dún Ghuaire, Rí Chonnacht, agus géilleadh dó annsúd leis, mar bhí Guaire le n-a mhnaoi nua-phósta as baile. D'fhill Guaire faid do bhí an bollsaire fá dhíon tighe agus i n-ionad rud do dhéanamh ar taoiseach uasal a Áird-Ríogh is eadh do ghnídh sé 'ná sleagh do ropadh thríd. Mar an ionmhuin leat mo mhadra ní hionmhuin leat mé féin, agus do ba dhála soin go Ghuaire. Bhí an liúgh fhiadhaigh thríd an dtír láithreach, agus an tuairisc ag dul ó bhéal go béal gur marbhuigheadh teachtaire an ríogh. Do theich Rí Chonnacht len' anam, mar ba gheall leis an rí do bhualadh a theachtaire do bhualadh. Sceinn sé go dtí Lórrtha i dTiobraid Árann, agus d'iarr coimirce ar Naomh Ruadhán. Bhí an tóir 'na dhiaidh ró-dhian agus do tháinig faitchíos ar Ruadhán agus do sheol sé Guaire go dtí rí na Breataine. Chuir Diarmaid scéala chum Ríogh na Breataine Rí Chonnacht do chur a bhaile láithreach nó gur dhó féin ba mheasa, agus tháinig scannradh ar Rígh na Breataine agus thiomáin sé ar n-ais Guaire. Thóg Ruadhán arís fá n-a scáth é agus chuir i bhfolach é. Bhí nós ag na Giúdaighthibh go raibh bailtí áirithe aca go nglaodhaidís cathracha dídin ortha, agus pé cuirptheach nó méirleach nó marbhthóir do bheadh ag teicheadh ó'n ndlighe, dá dtárlóchadh go sroichfeadh sé slán an chathair dídin ní leomhfadh an dlighe méar do bhualadh air. Ghnídh na manaigh i nÉirinn riaghail dhóibh féin ar an gcuma gcéadna. Glaodhadh mar ainm ar an dtalamh do bhí mór-dtimcheall a gcille an “Nemhadh” — 'sé sin talamh naomhtha. Nós nua do b'eadh a leithéid sin i nÉirinn agus níor thaithnigh sé leis na hÉireannachaibh i n-aon-chor gidh gur leigeadar dó, mar bhí cumhacht spioradálta ag na manachaibh. Mheas Naomh Ruadhán an nós so do chur i bhfeidhm. Do ba de shliocht ríoghamhail Éibhir an naomh so leis agus bhí éad ag an sliocht soin le ríghthibh na Teamhrach, mar do ba de shliocht Eireamhóin na hÁird-Ríghthe sin. D'éitigh Ruadhán Rí Chonnacht do thabhairt suas do'n dlighe, acht tháinig an tÁird-Rí féin agus a ghárda go Lórrtha le haghaidh a ghabháil. “Cá bhfuil an marbhthóir Guaire atá fad' choimirc?” ars' an tÁird-Rí, mar bhí 'fhios aige ná 'neosfadh an naomh bréag. “Ní fheadar-sa soin muna bhfuil sé fád' chosaibh,” arsa Ruadhán, agus do shásaimh an freagra an Rí, mar ní raibh fá n-a chosaibh dar leis acht an talamh cruaidh. Ar imtheacht dó, mar sin féin, do mhachtnuigh sé go mb'fhéidir go raibh an naomh 'ghá mealladh. D'fhill sé ar n-ais agus fuair sé Guaire i bhfolach i n-uaimh fá'n áit gur sheasaimh sé féin air. Ní raibh maith i n-impidhe ná i mbagairt Naoimh Ruadháin. Acht bhí a dhíoghaltas aige mar sin féin. Is dubhach an scéal é, acht is í beatha an star- aidhe fírinne. Bhailigh Naomh Ruadhán manaigh na Mumhan, trí chéad aca, leanadar an tÁird Rí, ghluaiseadar mór dtimcheall na Teamhrach ag bualadh a gcloigíní 'na coinnibh, agus chuireadar an mallacht ar an gcathair ríoghamhail agus ar gach duine innti. Sleagh thré chroidhe na hÉireann do b'eadh an mhallacht úd, an bheart do b'amadánta agus ba thruaghmhéilighe dár thuit amach riamh sa tír. D'fhill na manaigh slán, mar bhí eagla ar na daoinibh rómpa, agus bhí Éire briste 'na chodaibh. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services