Éire
Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.
An Dara Ceann Déag
Milleadh na hÉireann.
Óráit do Dhiarmaid Mac Cearbhaill. Ins an
mbliadhain 544 do déineadh Áird-Rí dhe agus do b'eisean
an chéad Chríostaidhe do riaghluigh Éire.
Do taidhbhreadh do'n Áird-Rígh sin ar a leabaidh sa
Teamhair go bhfeacaidh sé crann mór géagach i gcoill.
D'fhéach sé le hiongantas ar aoirde is ar reimhreacht
an chrainn, acht faid do bhí sé ag féachaint air do
tháinig scata fear le tuaghannaibh, do bhuaileadar bun
an bhile, do ghearradar é, agus do thuit sé le fuaim do
chroth an domhan. Do b'é an bile úd an Teamhair agus do
b'iad fir na dtuagh Naomh Ruadhán Lórrtha agus a mhanaigh.
Ní fhuil aon tubaiste ó thúis go deireadh i stair na
hÉireann is measa 'ná mallacht Naoimh Ruadháin ar
an dTeamhair. Níor chuir an tÁird-Rí Diarmaid
isteach i n-aon chor ar na manachaibh. Bhí sé go fial agus
go muinnteardha leo. Fear láidir aigeanteamhail
do b'eadh é go raibh fonn riaghalta air. Le seal
roimhe sin bhí na ríghthe cúige agus na taoisigh mhóra ag
éirghe chomh neamhspleadhach soin gur gheárr muna mbeadh
cuid aca 'gá gcur féin suas is anuas leis an Áird-
Rígh féin. Chromadar ar dhúnta daingeana do chur
suas ar faid na tíre gan buidheachas d'éinne. Chuir
an t-Áird-Rí gairm scoile amach go gcaithfidhe aoirde
is leithead shleighe an ríogh bheith i ngach doras dúin is
tighe mhóir — 'sé sin le rádh go mbeadh sé riachtanach ar
gach uasal cead do thabhairt do theachtaire an ríogh
gabháil isteach 's amach i ngach dún i nÉirinn. Chuir
sé bollsaire ar siubhal leis an bhfógra soin. Géilleadh
do'n bhollsaire go dtáinig sé go dún Ghuaire, Rí
Chonnacht, agus géilleadh dó annsúd leis, mar bhí Guaire
le n-a mhnaoi nua-phósta as baile. D'fhill Guaire
faid do bhí an bollsaire fá dhíon tighe agus i n-ionad rud
do dhéanamh ar taoiseach uasal a Áird-Ríogh is eadh do
ghnídh sé 'ná sleagh do ropadh thríd. Mar an ionmhuin
leat mo mhadra ní hionmhuin leat mé féin, agus do ba
dhála soin go Ghuaire.
Bhí an liúgh fhiadhaigh thríd an dtír láithreach, agus an
tuairisc ag dul ó bhéal go béal gur marbhuigheadh
teachtaire an ríogh. Do theich Rí Chonnacht len' anam,
mar ba gheall leis an rí do bhualadh a theachtaire do
bhualadh. Sceinn sé go dtí Lórrtha i dTiobraid
Árann, agus d'iarr coimirce ar Naomh Ruadhán. Bhí an
tóir 'na dhiaidh ró-dhian agus do tháinig faitchíos ar
Ruadhán agus do sheol sé Guaire go dtí rí na Breataine.
Chuir Diarmaid scéala chum Ríogh na Breataine Rí
Chonnacht do chur a bhaile láithreach nó gur dhó féin ba
mheasa, agus tháinig scannradh ar Rígh na Breataine agus
thiomáin sé ar n-ais Guaire. Thóg Ruadhán arís fá n-a
scáth é agus chuir i bhfolach é.
Bhí nós ag na Giúdaighthibh go raibh bailtí áirithe aca
go nglaodhaidís cathracha dídin ortha, agus pé cuirptheach nó
méirleach nó marbhthóir do bheadh ag teicheadh ó'n
ndlighe, dá dtárlóchadh go sroichfeadh sé slán an
chathair dídin ní leomhfadh an dlighe méar do bhualadh
air. Ghnídh na manaigh i nÉirinn riaghail dhóibh féin ar
an gcuma gcéadna. Glaodhadh mar ainm ar an
dtalamh do bhí mór-dtimcheall a gcille an “Nemhadh”
— 'sé sin talamh naomhtha. Nós nua do b'eadh a
leithéid sin i nÉirinn agus níor thaithnigh sé leis na
hÉireannachaibh i n-aon-chor gidh gur leigeadar dó,
mar bhí cumhacht spioradálta ag na manachaibh. Mheas
Naomh Ruadhán an nós so do chur i bhfeidhm. Do ba
de shliocht ríoghamhail Éibhir an naomh so leis agus bhí éad ag
an sliocht soin le ríghthibh na Teamhrach, mar do ba de
shliocht Eireamhóin na hÁird-Ríghthe sin. D'éitigh
Ruadhán Rí Chonnacht do thabhairt suas do'n dlighe,
acht tháinig an tÁird-Rí féin agus a ghárda go Lórrtha le
haghaidh a ghabháil. “Cá bhfuil an marbhthóir Guaire
atá fad' choimirc?” ars' an tÁird-Rí, mar bhí 'fhios
aige ná 'neosfadh an naomh bréag. “Ní fheadar-sa
soin muna bhfuil sé fád' chosaibh,” arsa Ruadhán, agus do
shásaimh an freagra an Rí, mar ní raibh fá n-a chosaibh
dar leis acht an talamh cruaidh. Ar imtheacht dó,
mar sin féin, do mhachtnuigh sé go mb'fhéidir go raibh
an naomh 'ghá mealladh. D'fhill sé ar n-ais agus fuair sé
Guaire i bhfolach i n-uaimh fá'n áit gur sheasaimh sé
féin air. Ní raibh maith i n-impidhe ná i mbagairt
Naoimh Ruadháin. Acht bhí a dhíoghaltas aige mar sin
féin. Is dubhach an scéal é, acht is í beatha an star-
aidhe fírinne. Bhailigh Naomh Ruadhán manaigh na Mumhan,
trí chéad aca, leanadar an tÁird Rí, ghluaiseadar
mór dtimcheall na Teamhrach ag bualadh a gcloigíní
'na coinnibh, agus chuireadar an mallacht ar an gcathair
ríoghamhail agus ar gach duine innti. Sleagh thré chroidhe
na hÉireann do b'eadh an mhallacht úd, an bheart do
b'amadánta agus ba thruaghmhéilighe dár thuit amach riamh
sa tír. D'fhill na manaigh slán, mar bhí eagla ar na
daoinibh rómpa, agus bhí Éire briste 'na chodaibh.
Conán Maol