Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leabharlann Cheart
Title
Leabharlann Cheart
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Márta 04, 1905. Leabharlann Cheart. Ag tagairt do leabharlannaibh tá alt breagh foghanta ins “An Leabhar- lainn,” ag cur síos ar na hachtannaibh dlighe a bhaineann le leabharlannaibh. Innstear dúinn cad iad na comhachta atá ag daoinibh i gcoitchinne, agus na comhachta atá fá chúram Coistí Cathrach is Coistí Tuaithe. Tá na hachtanna dlighe i gcló fá'n alt so. Dá mbeadh sé d'fhonn ar Chumann na leabharlann comhairle a ghlacadh uainne badh dhóigh linn go raghadh sé chun a leasa féin is chun leasa na tíre. Is í ár gcomhairle-ne 'ná na hachtanna so a chló-bhualadh i leabharán leo féin, beagán eile tagartha is míniughadh a chur leo, agus an leabhrán a scaipeadh ar fuid na tíre. Ar an gcuma so do cuirfidhe i n-umhail do dhaoinibh cad iad cúrsaí na dlighe do réir mar a bhaineann le leabharlannaibh; do mhúinfidhe dóibh cionnus tosnughadh ar leabharlainn a chur ar bun, nó cionnus 'fhiachaibh a chur ar a gcoistíbh áiteamhla an obair seo a dhéanamh. Níl an t-eolas so ag daoinibh agus dá réir sin ní hiongnadh iad a bheith faillightheach i neithibh a bhaineann leis an ngnó soin. Scaiptear neamh suim na ndaoine agus múintear dóibh suim a chur san obair seo, agus annsoin b'fhéidir go mbeadh atharrach scéil ag Cumann na Leabharlann. Dubhramair an tseachtmhain seo ghaibh tharainn gur chóir leabharlann bheag a bheith i ngach paróiste i nÉirinn. Cuirimíd leis sin an tseachtmhain seo gur chóir an leabharlann bheag a bheith Gaedhealach ó bhun go bárr. Gach éin- leabhar Gaedhilge atá d'éis teacht amach, nó a thiocfaidh amach, bíodh sé ar fágháil ann. Sin é an rud a chuir- feadh ceannach ar leabhraibh Gaedhilge. Do-chífidhe ins an “Leabharlainn” iad agus muna mbeidís ró-dhaor, is beag duine ná ceannóchadh ceann 'na chomhair féin. Agus leabhair dhaora Ghaedhilge, is beag duine ins na ceanntaraibh Gaedhilge go dtagann leis iad a sholáthar do féin. Dá mbeadh leabhar- lann ar bun i ngach paróiste, do bheadh a ghreas féin ag gach éinne ar leabhar de'n tsórd so. Bheadh an oiread eolais aige i ndeireadh na treibhse agus bheadh dá mbadh gur leis féin an leabhar. Maidir le leabhraibh Béarla, ní bheadh éan-chaitheamh 'na ndiaidh againn, i dtosach bárra pé scéal é. Ní chuirfimís cosc le leabhraibh maithe Béarla ag cur síos ar sheanchus is ar dhálaibh na hÉireann. Níl leabhair de'n tsórd so ró-iomadamhail san nGaedhilg, fós. Is ar éigin atá tosnuighthe i gceart againn orra. Is cóir dúinn gach saghas eolais i dtaobh ár dtíre féin d'fhoghluim is do mhéadughadh. Muna féidir an t-eolas so d'fhágháil tríd an nGaedhilg, faghaimís tríd an mBéarla go fóill é. Ní leigfimís isteach i n-ár leabhar- lainn-ne leabhar Béarla dá fheabhas muna mbeadh tagairt ann d'Éirinn. Tá an oiread díobh-san ar fágháil is a coimeádfaidh ar siubhal sinn, oiread is a dhéanfaidh leabharlann deas taidhseach. Bíodh an leabharlann is na leabhair chearta ann; leathfaid- san an t-eolas ceart, eolas a rághaidh chun leasa ár dtíre duthchais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services