Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leabharlann Cheart

Title
Leabharlann Cheart
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Márta 04, 1905.



Leabharlann Cheart.



Ag tagairt do leabharlannaibh tá
alt breagh foghanta ins “An Leabhar-
lainn,” ag cur síos ar na hachtannaibh
dlighe a bhaineann le leabharlannaibh.
Innstear dúinn cad iad na comhachta
atá ag daoinibh i gcoitchinne, agus na
comhachta atá fá chúram Coistí Cathrach
is Coistí Tuaithe. Tá na hachtanna
dlighe i gcló fá'n alt so. Dá mbeadh
sé d'fhonn ar Chumann na leabharlann
comhairle a ghlacadh uainne badh dhóigh
linn go raghadh sé chun a leasa féin
is chun leasa na tíre. Is í ár
gcomhairle-ne 'ná na hachtanna so a
chló-bhualadh i leabharán leo féin, beagán
eile tagartha is míniughadh a chur leo,
agus an leabhrán a scaipeadh ar fuid na
tíre. Ar an gcuma so do cuirfidhe i
n-umhail do dhaoinibh cad iad cúrsaí
na dlighe do réir mar a bhaineann le
leabharlannaibh; do mhúinfidhe dóibh
cionnus tosnughadh ar leabharlainn a
chur ar bun, nó cionnus 'fhiachaibh a chur
ar a gcoistíbh áiteamhla an obair seo
a dhéanamh. Níl an t-eolas so ag
daoinibh agus dá réir sin ní hiongnadh iad
a bheith faillightheach i neithibh a bhaineann
leis an ngnó soin. Scaiptear neamh
suim na ndaoine agus múintear dóibh
suim a chur san obair seo, agus annsoin
b'fhéidir go mbeadh atharrach scéil ag
Cumann na Leabharlann.



Dubhramair an tseachtmhain seo
ghaibh tharainn gur chóir leabharlann
bheag a bheith i ngach paróiste i nÉirinn.
Cuirimíd leis sin an tseachtmhain seo
gur chóir an leabharlann bheag a bheith
Gaedhealach ó bhun go bárr. Gach éin-
leabhar Gaedhilge atá d'éis teacht
amach, nó a thiocfaidh amach, bíodh sé
ar fágháil ann. Sin é an rud a chuir-
feadh ceannach ar leabhraibh Gaedhilge.
Do-chífidhe ins an “Leabharlainn” iad agus
muna mbeidís ró-dhaor, is beag duine
ná ceannóchadh ceann 'na chomhair féin.
Agus leabhair dhaora Ghaedhilge, is
beag duine ins na ceanntaraibh
Gaedhilge go dtagann leis iad a
sholáthar do féin. Dá mbeadh leabhar-
lann ar bun i ngach paróiste, do
bheadh a ghreas féin ag gach éinne ar
leabhar de'n tsórd so. Bheadh an
oiread eolais aige i ndeireadh na
treibhse agus bheadh dá mbadh gur leis
féin an leabhar.



Maidir le leabhraibh Béarla, ní
bheadh éan-chaitheamh 'na ndiaidh againn,
i dtosach bárra pé scéal é. Ní
chuirfimís cosc le leabhraibh maithe
Béarla ag cur síos ar sheanchus is ar
dhálaibh na hÉireann. Níl leabhair
de'n tsórd so ró-iomadamhail san
nGaedhilg, fós. Is ar éigin atá
tosnuighthe i gceart againn orra. Is
cóir dúinn gach saghas eolais i dtaobh
ár dtíre féin d'fhoghluim is do
mhéadughadh. Muna féidir an t-eolas
so d'fhágháil tríd an nGaedhilg,
faghaimís tríd an mBéarla go fóill é.
Ní leigfimís isteach i n-ár leabhar-
lainn-ne leabhar Béarla dá fheabhas
muna mbeadh tagairt ann d'Éirinn.
Tá an oiread díobh-san ar fágháil is a
coimeádfaidh ar siubhal sinn, oiread
is a dhéanfaidh leabharlann deas
taidhseach. Bíodh an leabharlann is
na leabhair chearta ann; leathfaid-
san an t-eolas ceart, eolas a rághaidh
chun leasa ár dtíre duthchais.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services