Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Céad-Imeachta na Gaedhilge IV.
Title
Céad-Imeachta na Gaedhilge IV.
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Céad-Imeachta na Gaedhilge IV. Chuireas síos tá tamall ó shoin ann ar Chumann na nGort i mBéal Feirste agus ar an tslighe 'nar chuir mise agus Mícheál Ó hEoghusa aithne air. Bhíomar i láthair oidhche nuair tugadh cunntas ar imtheachtaibh an Chumainn i mBéarla. D'éirigh an tOide Gaedhealach le cunntas do thabhairt ar a chuid saothair féin. Fear cumasach láidir árd dathamhail díreach a bhí ann; blagaid bheag ar a cheann agus é glan- bhearrtha acht amháin croiméal os cionn a bhéil. Labhair sé as Gaedhilg go ciúin reidh líomhtha amhail is dá mbeadh gan Bhéarla bheith ann ar chor ar bith. Acht ní éigin damh leanmhain do'n sgéal. Nuair chuirfeadh i n-umhail do'n léightheoir gurb é “Conán Maol” féin do bhí ar an árdán ag cainnt linn tuigfidh sé an méid lúth- gháire agus aoibhneasa chuir a chomhrádh orainn. Sgairt sé ar aghaidh ar a mhacaibh léighinn i ndiaidh a chéile le léightheoireacht nó aithriseoireacht do dhéanamh. Tháinig fear beag ciúin múinte íseall galánta romhainn ar dtús agus léigh sé giota de Laoidh Fhiann- aidheachta. Cha raibh blas nádúrdha ar a theanga acht 'na dhiaidh sin 's uilig thuigeamar an laoidh uaidh maith go leor. B'é an Dochtúir de Buithe do bhí ann, fear a rinne an-shaothar ar son na teangan riamh ó shoin. D'éirigh fear eile agus dubhairt Mícheál ar leath- taoibh liom-sa gur Albanach eile do bhí ann nó go raibh duthchas agus cuma Bhéil Feirste ar a ghnúis, acht dá luathas thoisigh sé ag cainnt thug Mícheál isteach go raibh mearbhall air. Léigh sé rud éigin dúinn agus bhí canmhain na Mumhan ar a theanga chomh blasta snasta is bhí sí ag Conán féin. Ní hé an darna fear é go dearbhtha acht “Feargus Finnbhéil.” Bhíodh Mícheál i gcomhnaidhe ag dearbhadh go mbeadh aithne aige ar ghnúis Chiarraidhigh i n-áit ar bith, acht thug sé isteach go raibh sé meallta fá dtaoibh de Fheargus. Shuidh Feargus síos agus d'éirigh diúlach eile. Fear óg cúl- amhail, groidheamhail a bhí againn an uair seo, agus do réir cuma bhí an oiread faitchíosa air theacht ar aghaidh gur b'obair go mbrisfeadh sé síos ar fad, acht char bhris 'na dhiaidh sin agus ba léir dúinn gur Ghaedhilgeoir é ó'n chliabhán. “Cos Obann” do bhí ann: tá sé i láthair go dtí an lá indiu agus siúd is nach bhfuil aithne ró-mhór ag Gaedhil- geoiríbh air níl aithne agam-sa ar fear atá sa Chonnradh anois thug seirbhís níos fearr do chúis na Gaedhilge. “Ní hiad na fir mhóra bhaineas an fhoghmhar” agus ní hiad na fir is aitheanta na fir is fearr. Bhí daoine breagha eile i láthair an oidhche úd, Proinnsias Bigger, Eilís Ní Mhaolagáin, Anna Nic Sheaghain (saoilim) agus daoine nach iad. Chonnacthas dúinne gur thárla imeasg na bhfathach sinn agus ó'n uair sin d'athruigh an sgéal ar fad againn fá dtaoibh de'n Ghaedhilg. Bhí cuideadh agus cáirde againn 'na dhiaidh sin. Bhí bun-sruthán
na Gaedhilge ar leathnughadh againn. Acht níl mé ar tí an sgéal do leanmhain níos fuide ar an iarraidh seo. B'fhéidir dá mbeadh fonn sgríobhtha orm uair éiginteach go sgríobhfainn alt ar goidé mar éirigh an obair linn 'na dhiaidh sin; mar tógadh bruighean orainn ins na páipéaraibh agus mar thugamar plúngáil dár náimhdibh do shocruigh riamh ó shoin iad; mar chuireamar craoibhín bheag de Chonnradh na Gaedhilge ar bun agus mar d'fhás sí agus mar mhéaduigh sí gur b'éigin clann mhór inghean do sgaoil- eadh amach uaithi; mar sgaramar le muinntir Chumainn na nGort; mar cuireadh amach as ár n-áit comhnaidhthe sinn mar gheall ar go rabhamar ag éirghe ró-náisiúnta; mar ghluaiseamar amach ar fud na tíre ag craobhsgaoil- eadh sóisgéil na Gaedhealtachta, agus mórán mór eile de'n chinéal sin. Bhí mé sgartha ó mo chara Mícheál bocht Ó hEoghusa le mórán de bhliadhantaibh sul a bhfuair sé bás. Bhí mé thall i Sasanaibh arís. 'Sé an chéad fhuagradh fuair mé 'ná alt a bhí sa CHLAIDHEAMH agus bhí sé fá'n chréafóig an uair sin. Dá mbadh é mo dhearbh- ráthair do réir nádúra é cha dtiocfadh leis an sgéal doilgheas agus crádh croidhe ní ba mhó do chur orm. Is ró-annamh do casadh a leithéid orm sa tsaoghal so ar uaisleacht, ar ionnraiceas, ar shoinniontacht, ar fhearamhlacht, ar thír-shearc agus ar chreideamh agus ar chráibh- teacht gan dath de chur-i-gcéill nó de chlaontacht ann. Go bhfágaidh sé a luach-shaothair ó'n Árd-Rígh. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services