Céad-Imeachta na Gaedhilge
IV.
Chuireas síos tá tamall ó shoin ann
ar Chumann na nGort i mBéal Feirste
agus ar an tslighe 'nar chuir mise agus Mícheál
Ó hEoghusa aithne air. Bhíomar i
láthair oidhche nuair tugadh cunntas ar
imtheachtaibh an Chumainn i mBéarla.
D'éirigh an tOide Gaedhealach le
cunntas do thabhairt ar a chuid
saothair féin. Fear cumasach láidir
árd dathamhail díreach a bhí ann;
blagaid bheag ar a cheann agus é glan-
bhearrtha acht amháin croiméal os cionn
a bhéil. Labhair sé as Gaedhilg go
ciúin reidh líomhtha amhail is dá mbeadh
gan Bhéarla bheith ann ar chor ar bith.
Acht ní éigin damh leanmhain do'n
sgéal. Nuair chuirfeadh i n-umhail
do'n léightheoir gurb é “Conán
Maol” féin do bhí ar an árdán ag
cainnt linn tuigfidh sé an méid lúth-
gháire agus aoibhneasa chuir a chomhrádh
orainn. Sgairt sé ar aghaidh ar a
mhacaibh léighinn i ndiaidh a chéile le
léightheoireacht nó aithriseoireacht do
dhéanamh. Tháinig fear beag ciúin
múinte íseall galánta romhainn ar
dtús agus léigh sé giota de Laoidh Fhiann-
aidheachta. Cha raibh blas nádúrdha ar
a theanga acht 'na dhiaidh sin 's uilig
thuigeamar an laoidh uaidh maith go
leor. B'é an Dochtúir de Buithe do
bhí ann, fear a rinne an-shaothar ar
son na teangan riamh ó shoin. D'éirigh
fear eile agus dubhairt Mícheál ar leath-
taoibh liom-sa gur Albanach eile do
bhí ann nó go raibh duthchas agus cuma
Bhéil Feirste ar a ghnúis, acht dá
luathas thoisigh sé ag cainnt thug
Mícheál isteach go raibh mearbhall air.
Léigh sé rud éigin dúinn agus bhí canmhain
na Mumhan ar a theanga chomh blasta
snasta is bhí sí ag Conán féin. Ní hé
an darna fear é go dearbhtha acht
“Feargus Finnbhéil.” Bhíodh Mícheál
i gcomhnaidhe ag dearbhadh go mbeadh
aithne aige ar ghnúis Chiarraidhigh i
n-áit ar bith, acht thug sé isteach go
raibh sé meallta fá dtaoibh de
Fheargus. Shuidh Feargus síos agus
d'éirigh diúlach eile. Fear óg cúl-
amhail, groidheamhail a bhí againn an
uair seo, agus do réir cuma bhí an oiread
faitchíosa air theacht ar aghaidh gur
b'obair go mbrisfeadh sé síos ar fad,
acht char bhris 'na dhiaidh sin agus ba léir
dúinn gur Ghaedhilgeoir é ó'n chliabhán.
“Cos Obann” do bhí ann: tá sé i
láthair go dtí an lá indiu agus siúd is
nach bhfuil aithne ró-mhór ag Gaedhil-
geoiríbh air níl aithne agam-sa ar
fear atá sa Chonnradh anois thug
seirbhís níos fearr do chúis na
Gaedhilge. “Ní hiad na fir mhóra
bhaineas an fhoghmhar” agus ní hiad na fir
is aitheanta na fir is fearr.
Bhí daoine breagha eile i láthair
an oidhche úd, Proinnsias Bigger,
Eilís Ní Mhaolagáin, Anna Nic
Sheaghain (saoilim) agus daoine nach iad.
Chonnacthas dúinne gur thárla imeasg
na bhfathach sinn agus ó'n uair sin d'athruigh
an sgéal ar fad againn fá dtaoibh de'n
Ghaedhilg. Bhí cuideadh agus cáirde
againn 'na dhiaidh sin. Bhí bun-sruthán
na Gaedhilge ar leathnughadh againn.
Acht níl mé ar tí an sgéal do
leanmhain níos fuide ar an iarraidh
seo. B'fhéidir dá mbeadh fonn
sgríobhtha orm uair éiginteach go
sgríobhfainn alt ar goidé mar éirigh
an obair linn 'na dhiaidh sin; mar
tógadh bruighean orainn ins na
páipéaraibh agus mar thugamar plúngáil
dár náimhdibh do shocruigh riamh ó shoin
iad; mar chuireamar craoibhín bheag
de Chonnradh na Gaedhilge ar bun agus
mar d'fhás sí agus mar mhéaduigh sí gur
b'éigin clann mhór inghean do sgaoil-
eadh amach uaithi; mar sgaramar le
muinntir Chumainn na nGort; mar
cuireadh amach as ár n-áit comhnaidhthe
sinn mar gheall ar go rabhamar ag
éirghe ró-náisiúnta; mar ghluaiseamar
amach ar fud na tíre ag craobhsgaoil-
eadh sóisgéil na Gaedhealtachta, agus
mórán mór eile de'n chinéal sin.
Bhí mé sgartha ó mo chara Mícheál
bocht Ó hEoghusa le mórán de
bhliadhantaibh sul a bhfuair sé bás. Bhí
mé thall i Sasanaibh arís. 'Sé an
chéad fhuagradh fuair mé 'ná alt a bhí
sa CHLAIDHEAMH agus bhí sé fá'n chréafóig
an uair sin. Dá mbadh é mo dhearbh-
ráthair do réir nádúra é cha dtiocfadh
leis an sgéal doilgheas agus crádh croidhe
ní ba mhó do chur orm. Is ró-annamh
do casadh a leithéid orm sa tsaoghal
so ar uaisleacht, ar ionnraiceas, ar
shoinniontacht, ar fhearamhlacht, ar
thír-shearc agus ar chreideamh agus ar chráibh-
teacht gan dath de chur-i-gcéill nó de
chlaontacht ann. Go bhfágaidh sé a
luach-shaothair ó'n Árd-Rígh.
Cú Uladh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11