Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Leabharlann
Title
An Leabharlann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Feabhra 25, 1905. An Leabharlann. Is dócha go bhfuil bliadhain nó os a chionn curtha dhínn againn ó dheine- amair trácht annso ar an maitheas do thiocfadh de bhárr halla a chur ar bun i ngach paróiste i nÉirinn. Do dheine- amair áireamh chomh maith is do bhí sé ar ár gcumas ar gach tairbhe a b'fhéidir a bhaint a tighthibh de'n tsórd so dá gcuirtí ar bun iad. Is saith linn a rádh gur beag an toradh a bhí ag daoinibh orainn. Is beag halla a thógadh ó shoin, agus ní lugha an trácht a dheineamís ortha. 'Seadh, do chuir “An Leabharlann,” Irisleabhar Chumainn na Leabharlann, sinn ag machtnamh ar an gceist seo arís. Ní gábhadh an tIrisleabhar úd a mholadh annso, faghadh gach éinne an leabhar féin, agus léigheadh é, agus muna dtiocfaidh fonn air chun rud éigin a dhéanamh i gcomhair leabharlann a chur ar bun, ní lá go headarthrath. Tá cainnt bhunadhasach agus comhairle chiall- mhar i ngach leathanach de'n leabhar so, agus níor éin-iongandh linn dá dtiocfadh níos mó tairbhe dhá bhárr ná dhéanfadh fiche aistí i bpáipéaraibh dá fheabhas iad. Gach treibh daoine i nÉirinn go bhfuil fonn ortha beagán ar éan-chuma a dhéanamh ar son a dtír duthchais, is é an comhartha is fearr air, dar linn féin, ná iad a bheith ullamh chun leabhar- lann bheag a chur ar bun ina measc. Ní obair throm é sin, acht 'na dhiaidh sin is beag obair do b'fhéidir a cheapadh nó a chur i gcrích a dhéanfadh oiread tairbhe leis. Ní bhraithfidh an maitheas go léir i gcionn bliadhna ná i gcionn deich mbliadhan b'fhéidir, acht ní tuisce a chuirtear leabharlann ar bun 'ná go dtosnuigheann an maitheas agus an tairbhe. Téidheann a phréamha go doimhin i n-úir, 'sé sin i n-aigne daoine. Aois léightheoireachta is eadh an aois seo. Bíonn gach éinne ag léigheamh. Is é donas an scéil é ámhthach, gur mó an blas a gheibhtear i leabhraibh dithchéillidhe 'ná mar a gheibhtear i leabhraibh fóghanta tathac- acha. Is é fáth atá leis sin 'ná gur saoráidighe go mór leabhair gan mhaith a chur le chéile 'ná leabhair go mbíonn tathac ionnta. Chun blas d'fhágháil i leabhraibh maithe, is éigin taithighe a dhéanamh ortha. Acht ní gach éinne d'fhéadfadh na leabhair mhaithe so a cheannach ar chuma go mbéidís aige len' ais i gcomhnaidhe. Is gnáthach gurab iad na leabhair mhaithe na leabhair is daoire. Dá mbeidís ar fágháil comhgarach ag duine ar chuma go bhféadfadh iad a léigheamh badh ghearr go bhfeicfidhe a rian ar dhaoinibh. Ní bheadh éin-éileamh ar leamhas ná ar chúrsaibh bhaoise. Tá eolas cruinn san Leabharlainn cionnus do b'fhéidir tosnughadh ar leabharlainn a chur ar bun, agus gheobhfar breis eolais um an gceist acht scríobhadh ag triall ar Rúnaidhthibh Chumainn na Leabharlann, An Leabhar- lann Phuiblidhe, Sráid Íochtarach Chaoimhghin, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services