An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Feabhra 25, 1905.
An Leabharlann.
Is dócha go bhfuil bliadhain nó os a
chionn curtha dhínn againn ó dheine-
amair trácht annso ar an maitheas do
thiocfadh de bhárr halla a chur ar bun i
ngach paróiste i nÉirinn. Do dheine-
amair áireamh chomh maith is do bhí sé
ar ár gcumas ar gach tairbhe a b'fhéidir
a bhaint a tighthibh de'n tsórd so dá
gcuirtí ar bun iad. Is saith linn a
rádh gur beag an toradh a bhí ag
daoinibh orainn. Is beag halla a
thógadh ó shoin, agus ní lugha an trácht a
dheineamís ortha.
'Seadh, do chuir “An Leabharlann,”
Irisleabhar Chumainn na Leabharlann,
sinn ag machtnamh ar an gceist seo
arís. Ní gábhadh an tIrisleabhar úd a
mholadh annso, faghadh gach éinne an
leabhar féin, agus léigheadh é, agus muna
dtiocfaidh fonn air chun rud éigin a
dhéanamh i gcomhair leabharlann a chur
ar bun, ní lá go headarthrath. Tá
cainnt bhunadhasach agus comhairle chiall-
mhar i ngach leathanach de'n leabhar so,
agus níor éin-iongandh linn dá dtiocfadh
níos mó tairbhe dhá bhárr ná dhéanfadh
fiche aistí i bpáipéaraibh dá fheabhas
iad.
Gach treibh daoine i nÉirinn go
bhfuil fonn ortha beagán ar éan-chuma
a dhéanamh ar son a dtír duthchais, is é
an comhartha is fearr air, dar linn
féin, ná iad a bheith ullamh chun leabhar-
lann bheag a chur ar bun ina measc.
Ní obair throm é sin, acht 'na dhiaidh
sin is beag obair do b'fhéidir a
cheapadh nó a chur i gcrích a dhéanfadh
oiread tairbhe leis. Ní bhraithfidh an
maitheas go léir i gcionn bliadhna ná
i gcionn deich mbliadhan b'fhéidir, acht
ní tuisce a chuirtear leabharlann ar
bun 'ná go dtosnuigheann an maitheas
agus an tairbhe. Téidheann a phréamha
go doimhin i n-úir, 'sé sin i n-aigne
daoine. Aois léightheoireachta is eadh
an aois seo. Bíonn gach éinne ag
léigheamh. Is é donas an scéil é
ámhthach, gur mó an blas a gheibhtear i
leabhraibh dithchéillidhe 'ná mar a
gheibhtear i leabhraibh fóghanta tathac-
acha. Is é fáth atá leis sin 'ná gur
saoráidighe go mór leabhair gan mhaith
a chur le chéile 'ná leabhair go mbíonn
tathac ionnta.
Chun blas d'fhágháil i leabhraibh maithe,
is éigin taithighe a dhéanamh ortha. Acht
ní gach éinne d'fhéadfadh na leabhair
mhaithe so a cheannach ar chuma go
mbéidís aige len' ais i gcomhnaidhe.
Is gnáthach gurab iad na leabhair
mhaithe na leabhair is daoire. Dá
mbeidís ar fágháil comhgarach ag
duine ar chuma go bhféadfadh iad a
léigheamh badh ghearr go bhfeicfidhe a
rian ar dhaoinibh. Ní bheadh éin-éileamh
ar leamhas ná ar chúrsaibh bhaoise.
Tá eolas cruinn san Leabharlainn
cionnus do b'fhéidir tosnughadh ar
leabharlainn a chur ar bun, agus gheobhfar
breis eolais um an gceist acht
scríobhadh ag triall ar Rúnaidhthibh
Chumainn na Leabharlann, An Leabhar-
lann Phuiblidhe, Sráid Íochtarach
Chaoimhghin, Áth Cliath.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11