Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann & Oideachas
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann & Oideachas
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Léigheann & Oideachas. Coláisde Gallda Árd-scoil gur fiú trácht uirthi, nó gur fiú an ainm a thabhairt i n-aon chor uirthi, bíonn gach aon chineál léigh- inn dá uaisle agus dá thairbhighe dá múin- eadh innti, nó dá múineadh lasmuich dhi fé n-a riaghlachaibh. Bíonn go háir- ithe dá múineadh innti na healadhna gur mó bhíonn gábhadh leo, agus na heal- adhna is giorra a bhaineann leis an dtír 'na mbíonn an árd-scoil suidhte. An t-ógánach a théidheann isteach 'na leithéid sin d'áit, ní hé amháin go bhfuigheann sé an t-oideachas is fearr ins na healadhnaibh a bhíonn le fogh- luim aige, agus ins na healadhnaibh is mó raghadh chum a mhaitheasa, acht bíonn buntáisde eile aige chomh tairbheach b'fhéidir, leis an méid sin féin. Bíonn fhios aige cad é an fhaid a théidheann eolus na coda eile ar a n-ealadhnaibh féin, nó cad é an méid eoluis atá le fághail ar aon ealadhain áirithe. Dá éaghmuis sin, snaidhmeann sé cáir- deas leis na fearaibh is eoluisighe agus is aoirde céim sa tír, agus cuireann sé aitheantas ar a mheon agus ar a n-aigne. Tomhais leis an méid seo atá ráidhte agam an Coláisde Gallda so i mBaile Átha Cliath go bhfuil an t-éileamh go léir 'na dhiaidh ag daoinibh áirithe. Chonnaiceamair an tseacht- mhain seo ghabh tharainn na healadhna a bhíonn ag an muinntir a thagann as, agus gan na healadhna soin féin foghlumtha aca acht go breallach. Ní fheacamair, agus níl sé ann le feicsint, aon tuairisg ar na brainnsibh léighinn a bhaineas go speisialta le hÉirinn. Ní áirighthear go bhfuil aon chúram ag an gColáisde sin i dteangain dhúthchais ná i seanchus na hÉireann. Ní áirighthear go bhfuil aon chúram i dtalamh acu ámhthuigh, an cíos a bhailiughadh isteach, nó na daoine bochta a chaitheamh amach ar thaobh an bhóthair. Ba dheacair do lucht an Choláisde sin an t-eolus a sgaipeadh ná raibh riamh acu féin. Níor chuala riamh gur ráinig le haon ollamh dá raibh ann ár gcuid eoluis ar aon chineál léighinn a mhéadughadh. Ní mór go deimhin gur chuala aon trácht ar aoinne acu riamh acht ar aoinne amháin, fear a thug smut maith dhá shaoghal a d'iarraidh dhá sgiathán a chur air féin chum eitilt sa spéir. Gan dul níosa sia leis, bhí dhá ealadhain dá múineadh againn anuiridh i mBéal Átha an Ghaorthaidh, .i. módh chum teanga do mhúineadh le comhrádh béil, agus eolus ar fhuaimeannaibh. Tá eolus maith ar an dá ealadhain sin ins gach aon árd-sgoil lasmuich d'Éirinn, acht níor chuala fós ná níor chualaidh aoinne eile go bhfuil aon tuisgint ionnta i gColáiste na Tríonóide. Féach arís cia hiad na mic-léighinn a bhíonn ann. Cia hiad a bhfurmhór, acht clann na muinntire a thugann slighe bheathadh do Mhícheál Mhac Cár- thaigh, clann na lag-uaisle agus na mboc- airí atá ag maireachtaint riamh ar Ghaedhealaibh, mar na daoine shaidhbhre go bhfuil neart acu ar dhíol go maith as a gclainn cuirid siad anonn go Sasana ar sgoil iad. Cad é an cúram a bheadh agá leithéidí sin i nGaedhealaibh, ná ins na healadhanaibh a raghadh chum tairbhe na hÉireann? Cad é an cúram a bheadh acu i n-aon- nídh acht ins an méid d'fheadfadís a shlad uainn? Go deimhin agus go dearbhtha is cumhaing a raghadh an saoghal ar an nGaedheal a chuirfeadh a mhac 'na measg súd isteach. Má tháinig fó- dhuine as an gColáisde sin agus croidhe dílis Gaedhealach aige, is duine as an míle duine é. Tá anois idir lámhaibh ag an muinn- tir chéadna cúpla cleas a thaisbeán- fadh an mianach atá ionnta. Is mór leo a bhfuil de ghuth agus de neart ag Gaedhealaibh i bPáirliment Shasana, agus táid siad ag tathaint ar Shacsanaibh an neart soin a laigheadughadh. Seo cleas eile. Tá aon Ghaedheal amháin go bhfuil ughdarás i gCaisleán Bhaile Átha Cliath aige, sin é Antoine Mac Domhnaill, agus táid siad, cóir cam dír- each, a d'iarraidh an fhir sin a ruagadh amach as. Sin dhá nídh go bhfuil baint acu le ceist an léighinn, agus muna mbeadh féin aon bhaint acu leis an gceist sin, tagaid siad isteach le brígh mo sgéil .i. dá chiúine bheidhmís le Gallaibh na hÉireann gur'b amhlaidh is mó luighfidís cos orainn. Feargus Finnbhéil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services