Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann & Oideachas

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann & Oideachas
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Léigheann & Oideachas.



Coláisde Gallda



Árd-scoil gur fiú trácht uirthi, nó
gur fiú an ainm a thabhairt i n-aon
chor uirthi, bíonn gach aon chineál léigh-
inn dá uaisle agus dá thairbhighe dá múin-
eadh innti, nó dá múineadh lasmuich dhi
fé n-a riaghlachaibh. Bíonn go háir-
ithe dá múineadh innti na healadhna
gur mó bhíonn gábhadh leo, agus na heal-
adhna is giorra a bhaineann leis an
dtír 'na mbíonn an árd-scoil suidhte.
An t-ógánach a théidheann isteach 'na
leithéid sin d'áit, ní hé amháin go
bhfuigheann sé an t-oideachas is fearr
ins na healadhnaibh a bhíonn le fogh-
luim aige, agus ins na healadhnaibh is mó
raghadh chum a mhaitheasa, acht bíonn
buntáisde eile aige chomh tairbheach
b'fhéidir, leis an méid sin féin. Bíonn
fhios aige cad é an fhaid a théidheann
eolus na coda eile ar a n-ealadhnaibh
féin, nó cad é an méid eoluis atá le
fághail ar aon ealadhain áirithe. Dá
éaghmuis sin, snaidhmeann sé cáir-
deas leis na fearaibh is eoluisighe agus
is aoirde céim sa tír, agus cuireann sé
aitheantas ar a mheon agus ar a n-aigne.



Tomhais leis an méid seo atá
ráidhte agam an Coláisde Gallda so
i mBaile Átha Cliath go bhfuil an
t-éileamh go léir 'na dhiaidh ag daoinibh
áirithe. Chonnaiceamair an tseacht-
mhain seo ghabh tharainn na healadhna a
bhíonn ag an muinntir a thagann as, agus
gan na healadhna soin féin foghlumtha
aca acht go breallach. Ní fheacamair,
agus níl sé ann le feicsint, aon tuairisg
ar na brainnsibh léighinn a bhaineas go
speisialta le hÉirinn. Ní áirighthear
go bhfuil aon chúram ag an gColáisde
sin i dteangain dhúthchais ná i seanchus
na hÉireann. Ní áirighthear go bhfuil
aon chúram i dtalamh acu ámhthuigh,
an cíos a bhailiughadh isteach, nó na
daoine bochta a chaitheamh amach ar
thaobh an bhóthair.



Ba dheacair do lucht an Choláisde
sin an t-eolus a sgaipeadh ná raibh
riamh acu féin. Níor chuala riamh gur
ráinig le haon ollamh dá raibh ann ár
gcuid eoluis ar aon chineál léighinn a
mhéadughadh. Ní mór go deimhin gur
chuala aon trácht ar aoinne acu riamh
acht ar aoinne amháin, fear a thug
smut maith dhá shaoghal a d'iarraidh dhá
sgiathán a chur air féin chum eitilt sa
spéir. Gan dul níosa sia leis, bhí dhá
ealadhain dá múineadh againn anuiridh
i mBéal Átha an Ghaorthaidh, .i. módh
chum teanga do mhúineadh le comhrádh
béil, agus eolus ar fhuaimeannaibh. Tá
eolus maith ar an dá ealadhain sin ins
gach aon árd-sgoil lasmuich d'Éirinn,
acht níor chuala fós ná níor chualaidh
aoinne eile go bhfuil aon tuisgint
ionnta i gColáiste na Tríonóide.



Féach arís cia hiad na mic-léighinn
a bhíonn ann. Cia hiad a bhfurmhór,
acht clann na muinntire a thugann
slighe bheathadh do Mhícheál Mhac Cár-
thaigh, clann na lag-uaisle agus na mboc-
airí atá ag maireachtaint riamh ar
Ghaedhealaibh, mar na daoine shaidhbhre
go bhfuil neart acu ar dhíol go maith
as a gclainn cuirid siad anonn go
Sasana ar sgoil iad. Cad é an
cúram a bheadh agá leithéidí sin i
nGaedhealaibh, ná ins na healadhanaibh
a raghadh chum tairbhe na hÉireann?
Cad é an cúram a bheadh acu i n-aon-
nídh acht ins an méid d'fheadfadís a
shlad uainn? Go deimhin agus go dearbhtha
is cumhaing a raghadh an saoghal ar an
nGaedheal a chuirfeadh a mhac 'na
measg súd isteach. Má tháinig fó-
dhuine as an gColáisde sin agus croidhe
dílis Gaedhealach aige, is duine as an
míle duine é.



Tá anois idir lámhaibh ag an muinn-
tir chéadna cúpla cleas a thaisbeán-
fadh an mianach atá ionnta. Is mór
leo a bhfuil de ghuth agus de neart ag
Gaedhealaibh i bPáirliment Shasana, agus
táid siad ag tathaint ar Shacsanaibh
an neart soin a laigheadughadh. Seo
cleas eile. Tá aon Ghaedheal amháin
go bhfuil ughdarás i gCaisleán Bhaile
Átha Cliath aige, sin é Antoine Mac
Domhnaill, agus táid siad, cóir cam dír-
each, a d'iarraidh an fhir sin a ruagadh
amach as. Sin dhá nídh go bhfuil baint
acu le ceist an léighinn, agus muna
mbeadh féin aon bhaint acu leis an
gceist sin, tagaid siad isteach le
brígh mo sgéil .i. dá chiúine bheidhmís
le Gallaibh na hÉireann gur'b amhlaidh
is mó luighfidís cos orainn.



Feargus Finnbhéil.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services